Tíreolaíocht
Míreanna físe le tacú le teagasc na Tíreolaíochta sa bhunscoil --- Scileanna agus Coincheapa, Tíreolaíocht Daonna agus Nádúrtha, Cúram an Chomhshaoil.
Scag de réir:
Scag
Scag de réir rang:
Scag de réir rang
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi ghnáthóga na gcréatúr atá ina gcónaí inti. Amharcann an teaghlach ar shamplaí d'ábhair nádúrtha amhail caonach agus craobhóga, ag foghlaim faoin dóigh a n-úsáideann ainmhithe iad seo chun a ngnáthóga a thógáil. Téann an teaghlach amach sa choill chun gnáthóga a aimsiú agus a shainaithint. Déanann siad ealaín le duilleoga ón choill, canbhás agus cárta donn chun gráinneog a chruthú. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘An Sionnach Rua’.
Gnáthóga na gcréatúr
Scoil Choille 2
10:36
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi chrainn dhúchasacha na hÉireann. Amharcann an teaghlach ar shamplaí de chrainn dhúchasacha bheaga; an Péine Albanach agus an sceach gheal. Téann an teaghlach amach sa choill chun na crainn mhóra atá ag fás go nádúrtha a fheiceáil agus a shainaithint. Déanann siad slait draíochta maisithe le holann ildaite. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Ulchabhán’.
Crainn na hÉireann - An Péine Albanach, Sceach Gheal.
Scoil Choille 2
12:35
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi urlár na coille agus a thábhacht don éiceachóras. Amharcann an teaghlach ar shamplaí d'urlár na coille, ag foghlaim faoi na sraitheanna éagsúla. Téann an teaghlach amach sa choill chun urlár na coille a fheiceáil agus a fhiosrú. Feiceann siad cac fia agus mionbheithígh. Déanann siad ealaín le bosca bróg. Cuirtear cré, duilleoga agus craobhóga isteach ann, agus déantar péist as taos le súile bréagacha chun cónaí ann. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Domhain Éachtach Iontach’.
Urlár na Coille
Scoil Choille 2
11:35
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi chrainn dhúchasacha na hÉireann. Amharcann an teaghlach ar choirt bheithe agus ar dhuilleoga ón fhuinseog. Téann an teaghlach amach sa choill chun na crainn mhóra atá ag fás go nádúrtha a fheiceáil agus a aithint. Feiceann siad fuinseog agus beith. Déanann siad ealaín le coirt bheithe. Gearrtar cruthanna duilleoige amach as an choirt agus déantar iad a mhaisiú le marcóirí péinte. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Glaoch na bPréachán’.
Crainn na hÉireann - Fuinseog, Beith.
Scoil Choille 2
10:38
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi charraigeacha agus a ról sa nádúr. Amharcann an teaghlach ar shamplaí de chlocha difriúla. Téann an teaghlach amach sa choill chun samplaí de charraigeacha a fheiceáil. Déanann siad ealaín charraige le clocha agus marcóirí péinte. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Grianstad an tSamhraidh’.
Carraigeacha
Scoil Choille 2
10:22
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi chrainn dhúchasacha na hÉireann. Amharcann an teaghlach ar shamplaí de dhuilleoga ó chrainn dhúchasacha bheaga, amhail an crann darach agus an crann caorthainn. Téann an teaghlach amach sa choill chun na crainn mhóra atá ag fás go nádúrtha a fheiceáil agus a shainaithint. Déanann siad priontáil duilleog ar chanbhás ag baint úsáid as dathanna na coille agus ceolann siad amhrán darb ainm ‘Duilleoga Órga’.
Crainn na hÉireann - Crann Darach, Crann Caorthainn.
Scoil Choille 2
11:19
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi thimthriall an uisce. Déantar cur síos ar na ceithre chéim de thimthriall an uisce: Fearthainn/Báisteach, Bailiú, Galú/Trasghalú, agus Comhdhlúthú. Téann an teaghlach amach sa choill chun abhainn agus sruthán a fheiceáil, agus foghlaimíonn siad gur cuid de thimthriall an uisce é an t-uisce iontu, a chríochnóidh san fharraige ar deireadh. Déanann siad a dtimthriall uisce féin le slisíní adhmaid agus marcóirí péinte. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Uisce’.
Timthriall an Uisce
Scoil Choille 2
12:03
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi chrainn dhúchasacha. Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha isteach chuig an choill le hamharc ar chrainn dhúchasacha atá ag fás ansin. Feiceann siad crann coill agus crann cuilinn. Críochnaíonn an clár le ceardlann chruthaitheach ina ndéanann siad ealaín le slisíní adhmaid bunaithe ar dhuilleoga na gcrann, ag baint úsáid as marcóirí péinte. Ceolann siad amhrán darb ainm 'Iora Rua'.
Crainn na hÉireann - Crann Coill, Crann Cuilinn.
Scoil Choille 2
11:48
Labhraíonn Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha faoi fhoscadh agus cén fáth a bhfuil sin tábhachtach do chréatúir na coille, go háirithe le linn an gheimhridh. Tógann Frainc foscadh beag bídeach. Téann siad uilig isteach sa choill le foscadh mór a thógáil.
An Geimhreadh - Foscadh
Scoil Choille
10:49
Téann Frainc, Gráinne agus na páistí isteach sa choill le créatúir na coille a fheiceáil. Feiceann siad scréachóg coille agus dreoilín sa choill. Déanann siad beathadán éan le cuidiú le héanacha na coille atá ocrach.
Créatúir na Coille
Scoil Choille
13:33
Labhraíonn Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha faoi na crainn shíorghlasa atá ag fás sa choill. Téann siad uilig isteach sa choill le hamharc ar na crainn shíorghlasa atá ag fás ann agus feiceann siad crann cuilinn agus crann iúir. Déanann siad bláthfhleasc geimhriúil.
An Geimhreadh - Na Crainn
Scoil Choille
12:52
Téann muid go Sligeach, áit a nascann filíocht Yeats leis an tírdhreach. Seasann Binn Ghulbain go mórthaibhseach os cionn an cheantair.
Sligeach
Cúrsaí an Chontae
6:45
I gContae an Dúin, insíonn muid scéalta atá fite fuaite leis an stair agus leis na finscéalta. Deirtear gur anseo i nDún Pádraig atá Naomh Pádraig curtha.
An Dún
Cúrsaí an Chontae
6:56
Téann muid ar chuairt go Port Láirge, an chathair is sine sa tír. Tá cáil uirthi fosta as a stair Lochlannach agus as criostal Phort Láirge.
Port Láirge
Cúrsaí an Chontae
6:50
I gContae na Mí, siúlaimid i rian na ríthe. Tá Cnoc na Teamhrach agus an tuama ársa ag Brú na Bóinne lonnaithe anseo.
An Mhí
Cúrsaí an Chontae
6:36
Téann muid ar thuras timpeall na hÉireann—contae ar chontae—ag foghlaim trí ghlórtha na bpáistí a bhfuil cónaí orthu iontu agus ón láithreoir Kathryn Ní Mhaoláin.
Cill Mhantáin
Cúrsaí an Chontae
7:00
Sa chlár seo tá muid ag fiosrú gach rud faoi Chontae Ard Mhacha!Téann muid go hArd Mhacha fhiosrú. Tá cáil ar an chontae mar phríomhchathair eaglaise na hÉireann, agus tá dhá ardeaglais darbh ainm Naomh Pádraig ann.
Ard Mhacha
Cúrsaí an Chontae
8:28
Amharcann muid ar an áilleacht ghéar agus a chultúr bródúil I nDún na nGall le radharc a fháil Tá Aillte Shliabh Liag ar chuid de na haillte mara is airde san Eoraip.
Dún na nGall
Cúrsaí an Chontae
6:50
Sa chlár seo tá muid ag fiosrú gach rud faoi Chontae Aontroma.
Aontroim
Cúrsaí an Chontae
8:08
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar shíolta an fhómhair atá le feiceáil ar thalamh na coille.
Síolta
Scoil Choille
13:36
Téann Frainc, Gráinne agus na páistí isteach sa choill le caora agus cnónna na coille a bhailiú. Tá caora dubha agus caora troim ag fás. Déanann siad líontán damhán alla le rudaí a bhailíonn siad ón choill.
Fómhar na Coille
Scoil Choille
12:40
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar bheacáin atá ag fás sa choill le linn an fhómhair.
Na Beacáin
Scoil Choille
10:45
Labharann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha faoi na haibhneacha. Cad é mar a thosaíonn abhann amach? Cad iad na créatúir atá ina chónaí sna haibhneacha? Pléann siad saolré an éisc. Tógann Naoise agus Síomha báidíní le craobhóga agus sreang. Téann an teaghlach chuig an abhann agus scaoileann siad na báidíní ann. Canann siad amhrán darbh ainm Fuaim na hAbhann.
Fuaim na habhann
Scoil Choille
12:51
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar chréatúir na coille ach go háirithe na pailneoirí, na féileacáin agus na beacha. Pléann siad an ról tábhachach átá ag na páilneoirí agus amharcann siad ar shaolré an fheileacáin. Feiceann siad feileacáin agus beacha sa choill. Tógann siad óstán na bhfeithidí le rudaí a bhailigh siad ón choill. Canann siad amhrán darbh ainm an Féileacán agus an Bheach.
Créatúir
Scoil Choille
12:06
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar bhláthanna an tsamhraidh atá ag fás san fhiántas. Tagann siad ar lusanna móra agus ar bhláthanna troim atá ag fás sa choill. Pléann siad an dóigh a bhfásann na bláthanna agus go bhfuil cuid ann atá nimhiúil agus cuid gur féidir a ithe. Cruthaíonn siad canbhas coille bunaithe ar bhláthanna an tsamhraidh agus canann siad amhrán darbh ainm Lusanna Móra.
Bláthú
Scoil Choille
13:48
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar éanacha na coille agus iad ag tógáil neadacha.
An tEarrach - Neadú
Scoil Choille
13:38
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar bhláthanna an earraigh atá ag fás san fhiántas.
An tEarrach - Bláthú
Scoil Choille
11:14
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar ghlóthach loscainn atá le feiceáil sa choill le linn an earraigh.
An tEarrach - Créatúr
Scoil Choille
12:50
Déan do rogha: Plaisteach | Cúla4 Ar Scoil |
5:00
Gnéithe fisiceacha na hEorpa agus an domhain | Cúla4 Ar Scoil |
4:18
An t-imshaoil nádúrtha áitiúl | Cúla4 Ar Scoil |
4:20
Aistear na n-éan | Cúla4 Ar Scoil |
4:41
An Compás | Cúla4 Ar Scoil |
4:42
Teocht Domhanda | Cúla4 Ar Scoil |
4:10
An Astráil | Cúla4 Ar Scoil |
4:15
Eolas a fháil ó léarscáil | Cúla4 Ar Scoil |
4:33
Na Réaltbhuíonta | Cúla4 Ar Scoil |
4:31
Bláthanna Fiáine | Mír 10 | Cúla4 Ar Scoil |
2:40
An Fheirm Mhairteola | Cúla4 Ar Scoil |
4:44
Cad as a dtagann bia? | Cúla4 Ar Scoil |
4:05
Béasa bia ar fud an domhain | Cúla4 Ar Scoil |
4:31
Cá bhfuil cónaí ar na h-ainmhithe seo? | Cúla4 Ar Scoil |
4:59
'Carraigín' | Cúla4 Ar Scoil |
4:08
Bláthanna Fiáine | Mír 09 | Cúla4 Ar Scoil |
2:56
Gnáthóga an Domhain | Cúla4 Ar Scoil |
4:51
Ainmhithe i mbaol | Cúla4 Ar Scoil |
4:10
Gnáthóga | Cúla4 Ar Scoil |
4:22
Treo na gaoithe | Cúla4 Ar Scoil |
4:44
An gaol idir gaoth agus aer a iniúchadh | Cúla4 Ar Scoil |
3:31
Treoracha a leanúint | Cúla4 Ar Scoil |
3:50
Greille a úsáid chun áit a aimsiú | Cúla4 Ar Scoil |
4:45
Teicneolaíocht ar mhaithe an phobail | Cúla4 Ar Scoil |
4:03
Cá bhfuil conaí ar Dhaidí na Nollag? | Cúla4 Ar Scoil |
4:27
Bailte ainmhithe | Cúla4 Ar Scoil |
4:42
An t-Ioglú | Cúla4 Ar Scoil |
3:56
Cén sórt tí atá agat? | Cúla4 Ar Scoil |
4:10
Logainmneacha - Mír 07 | Cúla4 Ar Scoil |
3:33
Logainmneacha - Mír 06 | Cúla4 Ar Scoil |
4:07
Logainmneacha - Mír 05 | Cúla4 Ar Scoil |
4:00
Logainmneacha - Mír 04 | Cúla4 Ar Scoil |
3:17
Bláthanna Fiáine | Mír 08 | Cúla4 Ar Scoil |
1:35
Bláthanna Fiáine | Mír 07 | Cúla4 Ar Scoil |
3:34
Logainmneacha - Mír 03 | Cúla4 Ar Scoil |
4:06
Bláthanna Fiáine | Mír 06 | Cúla4 Ar Scoil |
3:41
Bláthanna Fiáine | Mír 05 | Cúla4 Ar Scoil |
3:03
Bláthanna Fiáine | Mír 04 | Cúla4 Ar Scoil |
3:23
Logainmneacha - Mír 02 | Cúla4 Ar Scoil |
3:45
Lá & oíche - plainéad an domhain sa spás | Cúla4 Ar Scoil |
4:40
Bláthanna Fiáine | Mír 03 | Cúla4 Ar Scoil |
3:42
Logainmneacha - Mír 01 | Cúla4 Ar Scoil |
3:27
Gnéithe fisiceacha na hEorpa - cén tír í? | Cúla4 Ar Scoil |
4:17
Bláthanna Fiáine | Mír 02 | Cúla4 Ar Scoil |
3:27
Bláthanna Fiáine | Mír 01 | Cúla4 Ar Scoil |
3:28
Éadaí traidisiúnta ar fud na cruinne | Cúla4 Ar Scoil |
4:16
An ghealach | Cúla4 Ar Scoil |
4:33
Daoine agus áiteanna i gceantair eile | Cúla4 Ar Scoil |
4:08
Mo chontae féin | Cúla4 Ar Scoil |
4:27
Cad a Bhíonn Romhat ag an bhFiaclóir? | Cúla4 Ar Scoil |
4:48
Laghdú, athúsáid agus athchúrsáil | Cúla4 Ar Scoil |
4:11
Turas fáinleoige chun na hAfraice | Cúla4 Ar Scoil |
4:28
An Fháinleog | Cúla4 Ar Scoil |
4:49
An contae muirí nó intíre do chontae? | Cúla4 Ar Scoil |
4:35
Cad is pobal ann? | Cúla4 Ar Scoil |
2:16
Tomhas cén post atá ag na daoine seo sa scoil | Cúla4 Ar Scoil |
3:50
Saoire an tSamhraidh | Cúla4 ar Scoil |
5:09
Féach Thart 3 | An Lochán Sáile | Crosfhocal | Cúla4 ar Scoil |
6:47
Aimsir, aeráid & aerbhrat | Cúla4 Ar Scoil |
5:23
Cad as a dtagann an bia a itheann tú? | Cúla4 Ar Scoil |
6:33
Sonraí a léiriú agus a léirmhíniú | Cúla4 Ar Scoil |
7:00
Laghdú, athúsáid agus athchúrsáil | Cúla4 Ar Scoil |
4:23
Ainmhithe agus na gnéithe áirithe a bhaineann leo | Cúla4 ar Scoil |
4:49
Timthriall an Uisce | Cúla4 Ar Scoil |
6:28
Stíleanna éagsúla gruaige an domhain | Cúla4 Ar Scoil |
4:43
Cén ábhair a úsáidtear chun na tithe a thógáil? | Cúla4 Ar Scoil |
3:50
Fógraí i bPáipéar Nuachta | Foirgnimh | Cúla4 Ar Scoil |
4:29
Comharthaí a léamh ar léarscáil | Cúla4 Ar Scoil |
5:17
Cén chaoi léarscáil a léamh? | Cúla4 Ar Scoil |
6:11
Lá agus Oiche – Dráma Scáthphuipéid | Cúla4 Ar Scoil |
1:53
Scamaill i bPróca | Cúla4 Ar Scoil |
1:52
Na séasúir agus gluaiseachtaí séasúracha | Cúla4 Ar Scoil |
4:35
Lá & oíche - plainéad an domhain sa spás | Cúla4 Ar Scoil |
2:18
Cad as a dtagann na héadaí a gcaitheann muid? | Cúla4 Ar Scoil |
5:56
Daoine i mbun oibre | Cúla4 Ar Scoil |
3:42