Crainn na hÉireann - Crann Darach, Crann Caorthainn.
11:19
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Scoil Choille 2
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi chrainn dhúchasacha na hÉireann. Amharcann an teaghlach ar shamplaí de dhuilleoga ó chrainn dhúchasacha bheaga, amhail an crann darach agus an crann caorthainn. Téann an teaghlach amach sa choill chun na crainn mhóra atá ag fás go nádúrtha a fheiceáil agus a shainaithint. Déanann siad priontáil duilleog ar chanbhás ag baint úsáid as dathanna na coille agus ceolann siad amhrán darb ainm ‘Duilleoga Órga’.
Spriocanna Foghlama:
Crainn na hÉireann: cad is crann dúchasach ann? Cad é mar is féidir crann a shainaithint (duilleoga, coirt)? Cén fáth a bhfuil crainn tábhachtach?
Na hEochairfhocail:
Crann darach, crann caorthainn, crann dúchasach, duilleoga, sméara, dearcán, oighearaois, fungas, caonach, mionbheithígh.