Timthriall an Uisce
12:03
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Scoil Choille 2
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi thimthriall an uisce. Déantar cur síos ar na ceithre chéim de thimthriall an uisce: Fearthainn/Báisteach, Bailiú, Galú/Trasghalú, agus Comhdhlúthú. Téann an teaghlach amach sa choill chun abhainn agus sruthán a fheiceáil, agus foghlaimíonn siad gur cuid de thimthriall an uisce é an t-uisce iontu, a chríochnóidh san fharraige ar deireadh. Déanann siad a dtimthriall uisce féin le slisíní adhmaid agus marcóirí péinte. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Uisce’.
Spriocanna Foghlama:
Cad iad na céimeanna éagsúla de thimthriall an uisce? Fearthainn/Báisteach, Bailiú, Galú/Trasghalú, Comhdhlúthú. Cén fáth a bhfuil an choill tábhachtach i dtimthriall an uisce? Cén ról atá ag na crainn i dtimthriall an uisce?
Na hEochairfhocail:
Timthriall an uisce, Fearthainn/Báisteach, Bailiú, Galú/Trasghalú, Comhdhlúthú, scamall, abhainn, srúthán.