Baile
RUD LE RÁ 🎭
Eipeasóid a hAon
Sraith Nua Miondrámaíochta
Brúigh Anseo
SLÉ anois go Cúramach 📚
Is é Slé Anois go Cúramach an chéad chlár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí!
Brúigh Anseo
👉 An féidir le do rang scór níos airde a fháil?
Bain triail as an tráth na gceist nua-aimseartha seo
Is é Slé Anois go Cúramach an chéad chlár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Choláiste Marist i mBaile Átha Luain ag tabhairt aghaidh ar Scoil Mhuire Bhun Cranncha sa gclár seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
Slé Anois go Cúramach
S.A.G.C | Clár 1
24:32
Is é Slé Anois go Cúramach an chéad chlár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Scoil Pháirc Shruth na gCloch i mBaile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar Phobalscoil na Gráinsí i Loch Garman an tseachtain seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
Slé Anois go Cúramach
S.A.G.C | Clár 2
25:03
An chéad chlár tráth na gceist do dhéagóirí i nGaeilge! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Mheánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Páirc Chaisleán Dhumhach Thrá ag tabhairt aghaidh ar dhaltaí ó Choláiste Mhuire Droichead Átha sa gclár seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
Slé Anois go Cúramach
S.A.G.C | Clár 3
24:30
Clár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Choláiste na Sáiléiseach i gCill Dara ag tabhairt aghaidh ar Ardscoil Naomh Louis, Baile Átha Cliath sa gclár seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
Slé Anois go Cúramach
S.A.G.C | Clár 4
24:53
Idir na Línte 📖
Sraith úrnua ag plé agus ag fiosrú na filíochta don chéad bhliain ar aghaidh
Brúigh Anseo
👉 Bileoga Oibre ar fáil anseo
Breathnaigh 'Idir na Línte' ar chúrsaí filíochta
Saol Ella
Acmhainní Foghlama Úrnua ar fáil anois
Ceachtanna teanga bunaithe ar an tsraith iontach Saol Ella ar fáil anois!
Brúigh Anseo
Féach agus Foghlaim
Rogha cláracha faisnéise le húsáid mar áiseanna foghlama
Brúigh Anseo
Gearrscannáin TG4
Bailiúchán Gearrscannáin TG4 don tSraith Shóisearach. Súil Eile ar litríocht na Gaeilge.
(2011) Gearrdhráma bunaithe ar mhórshaothair liteartha na Gaeilge. Stiúrtha ag Colm Bairéad . Scríofa ag Maedb Johnston le Eamonn Ó Ceallaigh, Michéal agus Beartla Ó Domhnaill mar aisteoiri. Scéal é seo atá bunaithe ar shaothar Phádraic Uí Conaire. Is iomaí casadh sa saol seo ach is beag an chuimhne a bhíonn ag Liam ar an méid atá i ndán dó nuair a shocraíonn sé dul go hÁrainn chuig cluiche peile. Nuair nach mbíonn ach áit do bheirt ar bhád Tom Beag, tagann Liam ar phlean a chuireann athrú tubaisteach ar a shaol go deo. Seo lá nach ndéanfaidh Liam dearmad go brách air.
An t-Ádh
An t-Ádh
20:10
Scannán bunaithe ar shaothar de chuid Liam Uí Fhlaithearta. Cuirtear síos sa scannán seo ar dhornálaí fíochmhar atá in ann do dhuine ar bith sa bhfáinne. Ach tagann athrú ar rudaí nuair a dhéanann sé iarracht bob a bhualadh ar choirpeach a chuir geall ar an troid. Anois tá a chlú agus a theaghlach i mbaol.
An Seabhac
An Seabhac
22:42
Scannán bunaithe ar shaothar de chuid Liam Uí Fhlaithearta. De bharr fadhbanna airgid agus brú oibre, ní bhíonn cúrsaí go maith idir Éamonn ná a mhac Neidín. Ach ní bhíonn de rogha acu aon lá amháin ach an lá a chaitheamh i gcomhluadar a chéile.
An Buille
An Buille
22:34
Nuair a thagann Cúilín ar an saol bíonn a cheann iompaithe siar. Bíonn grá ag a mháthair dó ón tús ach ní bhíonn aird ag aon duine eile air, fiú a athair féin. Ar feadh a shaoil bíonn Cúilín ag iarraidh grá agus meas a athar a tharraingt chuige féin ach nuair a éiríonn leis bíonn sé ró-mhall.
Cúilín Dualach
Cúilín Dualach
12:15