Dán simplí atá sa dán Teilifís le Gabriel Rosenstock a léiríonn an gnáthshaol agus an grá a bhíonn idir athair agus páiste. Tá grá an tuismitheora agus cruthaitheacht an pháiste lárnach sa dán seo le Gabriel Rosenstock. Nuair a chasann siad an teilifís, níl tada le feiceáil ach scáileán bán. Ach samhlaíonn an páiste rudaí áille: sneachta, sioráf, agus ulchabhán Artach. Taispeánann sé seo cumhacht na samhlaíochta i súile an linbh. Tá codarsnacht mhór ann idir an rud a fheiceann an páiste agus an rud a fheiceann an file - ní thagann an tsamhlaíocht chuige chomh héasca sin ach is léir gur athair grámhar agus foighneach é.