Roinn le Google Classroom
Idir na Línte | 01
Scríofa ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Is dán é seo a léiríonn an brú a bhíonn ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann a bheith foirfe. Cailín atá ar thóir na foirfeachta agus na háilleachta atá ag labhairt sa dán seo. Úsáideann an file íomhánna brúidiúla chun míshonas an chailín a thaispeáint. Is léir ón áibhéil sna híomhánna go bhfuil an cailín ag fulaingt toisc nach bhfuil sí sásta lena corp féin.