Cúpla nóiméad siúl ó lár bhaile an Daingean, i gCorca Dhuibhne, tá Ceardlann na Coille áit a bhfuil teacht ar réimse iontach bídh agus táirgí éagsúla. Idir sushi, seacláid, ispíní, arán agus ranganna cócaireachta, tá rud éigin ann dos na haon duine. Chaitheamar an mhaidin le Séamus Mac Gearailt agus é ag labhairt linn faoi na gnóanna éagsúla atá le fáil sa bhaile bheag bídh seo.