Rás na Rinne
3:59
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Go luath i mí Lúnasa i mbliana bhailigh reathaithe ó chian is ó chóngar ag seanbheairic na Rinne i nGaeltacht na nDéise chun páirt a ghlacadh i Rás na Rinne 2022. Bhí an traenáil déanta acu cheana féin agus bhí siad ar bís chun an 6 mhíle a chríochnú. Sa deireadh bhí an bua ag an reathaí dochloíte, Raivis Zakis, lúthchleasaí den scoth a bhuaigh an rás don séú huair i mbliana. Bronnadh an corn air i dTigh Uí Mhaonaigh sa Rinn an oíche chéanna.