Is é Slé Anois go Cúramach an chéad chlár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Choláiste Marist i mBaile Átha Luain ag tabhairt aghaidh ar Scoil Mhuire Bhun Cranncha sa gclár seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.