Planda go Pláta - Linguine Cúirséad & Ricotta Soighe (Courgette Linguini & Soymilk Ricotta-Vegan 🌿)
5:34
Roinn le Google Classroom
SÁBHÁIL
0
Do Bheirt-Triúr Serves 2-3 Ricotta: 450ml bainne soighe [gan mhilsiú]* 20ml fíneagar saghdair Tsp salann Ricotta: 450ml soy milk [unsweetened]* 20ml cider vinegar Tsp salt Linguini cúirséad: Sraitheanna seachtracha 2 chúirséad [féach thíos] 75 g peisteo basal** 20g de chalóga giosta Salann/piobar de réir mar is gá Courgette linguini: 2 courgettes outer layers [see below] 75 g basil pesto** 20g yeast flakes Salt/pepper to taste Caponato cúirséad: Braon maith ola olóige 2 chúirséad [an chuid istigh] 2 ionga gairleoige -mionaithe 100g trátaí pluma óga gearrtha ina dhá leath 25ml fínéagar fíona - dearg 75g ológa slisnithe ½ tsp calóga sillí Salann de réir mar is gá Spbh lán de chitseap trátaí 50ml de mheadhg ricotta coimeádta nó 50ml uisce Ag teastáil uait; 1 sáspan beag, friochtán 26cm, babhla le haghaidh na gcúirséad, scamhaire julienne, mála bainne cnónna, muislín nó mála mogaill Courgette caponata: Good glug of olive oil 2 courgettes [inner section] 2 cloves minced garlic 100g baby plum tomatoes halved 25ml red wine vinegar 75g sliced olives ½ tsp chili flakes Salt to taste Heaped Tbsp of tomato ketchup 50ml reserved ricotta whey or 50ml water You will need; 1 small saucepans, 26cm frying pan, bowl for courgettes, julienne peeler, nut milk bag, muslin or mesh bag Modh Method Tosaigh leis an ricotta. Déan an bainne soighe a fhiuchadh i sáspan meánmhéide agus lig dó ardú beagán sa phanna, tóg den teas é sula gcuirfidh sé thar maoil agus cuir an fínéagar agus salann leis. Measc le spúnóg é ar feadh nóiméad nó mar sin agus fág i leataobh é ar feadh tuairim is 10 nóiméad le téachtadh. Doirt an meascán isteach i mála bainne cnónna nó i gcrúiscín trí phíosa muislín agus fáisc go maith chun an meadhg a shíothlú isteach sa chrúiscín. Is féidir an ricotta a chur i mbabhla le fuarú. Start with the ricotta, In a medium saucepan bring the soy milk to a boil and allow it to climb a little up the pan, remove from the heat before it bubbles over and add the vinegar and salt. Stir for a minute or so with a spoon and set aside to curdle for about 10 minutes. Pour the contents into a nut milk bag or some muslin over a jug and give the contents a good squeeze releasing the whey into the jug. You can tip the ricotta into a bowl to cool down. Tosaigh ag baint an chraicinn ar thaobh amháin de chúirséad le scamhaire juilienne, cas an cúirséad 90 céim agus bain an chraicinn den taobh sin. Lean ar aghaidh timpeall an chúirséid cúpla uair. Tá tú ag iarraidh an chuid istigh a choinneáil cearnógach seachas cruinn. Stop tar éis dhá chasadh iomlán nó trí, níl tú ag iarraidh na síolta a scamhadh. Cuir an peisteo, salann agus calóga giosta leis na cúirséid, cuimil isteach go réidh agus fág i leataobh é. Using a julienne peeler start to peel the courgette on one side, turn the courgette 90 degrees and peel on the next side continue around the courgette in this fashion for a couple of full rotations. You want to keep the interior squared rather than rounded. After two or three rotations stop, you do not want to peel into the seeds. Add the pesto, salt and yeast flakes to the courgettes, massage it in gently and set aside. Don ragú, gearr an chuid istigh de na cúirséid síos ina lár agus ansin ina dtriantáin nó ina gcearnóga. Ná bíodh siad ró-bheag nó titfidh siad as a chéile ar an bhfriochtán agus níl aon ní níos measa ná cúirséad práibeach. Déan braon maith ola olóige a théamh ar an bhfriochtán agus nuair a bheidh sin te cuir isteach na cúirséid. Déan iad a fhriochadh ar feadh nóiméad nó dhó le go dtiocfaidh dath donn orthu agus ansin cuir isteach an ghairleog. Déan iad a shótáil ar feadh nóiméad agus ansin cuir isteach na trátaí atá gearrtha ina dhá leath chomh maith leis an bhfínéagar, ológa, sillí agus pinse salainn. Fág ag cócaráil ar feadh nóiméad agus ansin cuir isteach an citseap trátaí agus an meadhg coimeádta nó an t-uisce, suanbhruith ar feadh 30 soicind nó mar sin chun gach rud a thabhairt le chéile agus ansin tóg den teas é. For the ragout, slice the courgette interiors down the centre and then into triangles or squares, do not slice too thinly as they will disintegrate on the pan, nothing worse than a mushy courgette. Heat a good glug of olive oil on the pan and once hot add the courgettes. Fry for a minute or two to brown and then add the garlic. Sautee for a moment and then add the halved tomatoes along with vinegar, olives, chili and a pinch of salt. Leave to cook for a minute and then add the tomato ketchup along with the reserved whey or water, simmer for about 30 seconds to bring everything together and then remove from the heat. Tóg carnán linguini, cuir ragú ar a bharr agus críochnaigh le ruainne ricotta ar deireadh. Take a mound of linguini, top it with the ragout and finally finish with some ricotta.