Bhuaigh paróiste an-bheag iargúlta in iarthar chontae Phort Láirge Craobh Sóisear C Iománaíochta an Chontae i mbliana, 74 bliain ó rug siad an chorn abhaile leo an uair dheireanach. Is i 1949 a bhí an bua ag foireann CLG an tSean Phobail, nó “Na Shocks” mar a ghlaoitear orthu, an babhta dheireanach. Cúpla lá i ndiaidh an chluiche iomráitigh seo i mbliana bhí na himreoirí ag ceiliúradh agus iad bailithe i dtigh tábhairne traidisiúnta John Paul Breathnach.