Scag de réir:
Scag
Ar theacht ó Bhaile Bhúirne go dtí an Cheathrú Cheanainn Dhún na nGall, thosaigh an t-ealaíontóir Ger Roach a gnó féin ag déánamh lampaí dá ealaín. Chaith Molscéal an lá léi ag foghlaim an cheird!
Lampa De Róiste
3:31
Is siúinéir é Fionn Ó Flaithearta atá lonnaithe in Árainn. Chaith sé tréimhse mar mhúinteoir adhmadóireachta sular fhill sa ar a bhaile lena chomhlacht Dóite Wood Design a thosú.
Siúinéir Inis Mór
3:29
Tá caifé Builín Blasta lonnaithe ar an gCeardlann sa Spidéal. Tá táirge leo ar díol in Aldi de bharr comórtas a bhuaigh siad.
An Builín Blasta
3:00
Údarás na Gaeltachta le clár úr tacaíochta agus oiliúna saor in aisce a chur ar fáil le cuidiú le fiontraithe mná atá ag iarraidh a ngnó féin a bhunú.
Nuacht TG4
Fiontraithe mná
1:55
I 2019 chuir Liam tús lena chuid adhmadóireachta mar chaitheamh aimsire, agus mar chabhair lena mheabhairshláinte. Anois de bharr méadú ar ordaithe tá ceardlann adhmadóireachta aige i gCluain Droichid ag díriú ar ábhair déanta ó adhmad athchúrsáilte agus athghafa. Caith Molscéal maidin leis !
Gnó - An Siúinéir
An Siúinéir
3:02
Is gnó é Uachtar Reoite Leamhain atá bunaithe i mBaile Átha Cliath ó 2021, agus an iomaí blas á thairiscint acu saor ó ghlutan, cnóanna agus déirí. Más in Ionad Fhaiche Stiabhna.atádar lonnaithe, is uaidh Abhainn na Leamhna i gCiarraí a fuair an comhlacht gaelach seo a ainm, agus ná dearmad go bhfuil lascaine dóibh siúd a ordaíonn a gcuid uachtar reoite trí Ghaeilge!
Uachtar Reoite Leamhain
2:10
Criostal an Daingin - i lámha an mháistir. Tá clú agus cáil ar ghloiní, ar bhabhlaí agus ar earraí criostail, Déantar Criostal an Daingin díreach lasmuigh do Dhaingean Uí Chúis. Bhunaigh Seán Daly an comhlacht i 1999, agus is sa mhonarcha seo a cruthaíodh an babhla criostail a bronnadh ar Uachtarán Mheiriceá i mbliana.
Criostal an Daingin - i lámha an mháistir
2:48
Tá eachtra eisceachtúil amach romhat le Safari Farraige an Daingean, agus é ar cheann dos na turais is fearr atá ar fáil ar leithinis Chorca Dhuibhne. Sa 30 míle do thuras, tá teacht ar stair, béaloideas agus tíreolaíocht den scoth - ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar na hainmhithe ar fad a bhfuil teacht orthu amuigh thart ar na Blascaodaí chomh maith! Chaitheamar an mhaidin le Seán & Jamie, atá i mbun oibre leis an gcomhlacht agus turas iontach faighte againn thart ar na hoileáin ar chósta thiar Chorca Dhuibhne.
Safari Farraige an Daingin
3:30
Jab son Samhradh
Job don Samhradh
3:36
Tá “Mí na Ceardaíochta” á sheoladh i gCorcaigh inniu, le rogha mhór d’imeachtaí agus ceardlann ar siúl i rith na míosa, sa chathair agus i gcontae Chorcaí. Le himeachtaí trí Ghaeilge ina measc, tá feachtas chlár fógraí a thugann sampla den cheardaíocht atá le fáil i nGaeilge. Caith Molscéal maidin leo sa cheannáras i nDúglas
Mí na Ceardaíochta i gCorcaigh
2:30
Tá an mionchomhlacht Frámaí Chonamara ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann ag Craobh Gaisce Óige na hEorpa atá san Eastóin faoi láthair. Cúigear daltaí ó Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna a bhunaigh an comhlacht.
Frámaí Chonamara ag Craobh Gaisce Óige na hEorpa
2:12
Tá scéim phrintíseachta a thairiscint ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le cuid den bhearna san earnáil gruaideadóireacht a líonadh
Laghdú ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoin ghruaigeadóireacht
1:51
Ní aon bhean sa Daingean atá i gceist ach 'Bean' nó pónaire atá i gceist sa chaifé iomráiteach seo a bhfuil idir Latté agus leath-tae ar fáil inti. Tá na haon saghas rogha ar fáil i 'Bean' agus muintir Burgess ag déanamh obair na gcapall anseo i gcroí lár an Daingin. Chaitheamar an lá le Pádraig agus é i mbun oibre (nó i mbun cainte!) ar an lá is gnóthaí acu i mbliana.
'BEAN' sa Daingean
3:13
Daoine ar bheagán fáltais ag caitheamh sciar níos airde dá gcuid airgid ar bhia agus fuinneamh, dhá rud atá i bhfad níos daoire ná a bhí bliain ó shin.
Agóid i mBaile Átha Cliath faoin chostas maireachtála
2:04
Aire Iompair ag achainí ar chomhlachtaí fuinnimh margadh níos fearr a chur ar fáil dá gcustaiméirí
Ardú ar an chostas fuinnimh
1:34
Chuir Conor Holden tús lena shaol ag obair le leathar trí sheans nuair a chaith sé seal i Londain agus é 17. Is é ceann dos na leatharlanna is sinne sa tír atá aige anois agus gach uile rud lámhdhéanta acu. Tá an cheardlann féin lonnaithe i seanscoil athchóirithe atá buailte ar Chuan an Daingin agus chaitheamar an lá leis agus é ag réiteach mála bhreá leathair dheirg!
Leatharlann Holden
3:02
Bunaíodh Folláin i 1983 agus anois tá a gcuid táirgí ar fáil sa Ghearmáin, i Sasana, i Meiriceá agus i gCeanada. Is minic a chaith clann Mhairín agus Pheadar a gcuid samhraí ag cabhrú sa ghnó. Bíonn Mícheál ag obair ar na hoidis sa chistin anois chun cuir leis an réimse táirgí atá acu. Chaith Molscéal lá leo sa mhonarcha i mBaile Mhic Íre le gairid.
Folláin
3:56
Tá Bácús Uí Churnáin ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód agus is ó neart go neart atá siad ag dul, leis an chlann ar fad i mbun na hoibre ann. Idir arán úr agus cístí milse, tá muintir Uí Churnáin aitheanta i gCorca Dhuibhne, a bhuíochas do na blaisíní atá á dhíol acu sa bhácús i lár bhaile an Daingin.
Bacús Uí Churnáin
3:18
Tá fear óg tar éis gnó nua a thosnú dó féin, agus tá neart rudaí fós le teacht! Idir caid agus bearradóireacht, bíonn PJ ag rith is ag rás leis an méid a bhíonn ar siúl aige. Chaitheamar an lá leis agus é i mbun a cheird, fiú agus rúitín briste aige - is léir nach bhfuil aon stop leis an Ciarraíoch seo!
Bearbóir Óg i gCorca Dhuibhne
3:13
Déantar Cáis Buabhaill Mhaigh Chromtha as bainne na mbuabhall atá ag feirmeoirí Johnny agus Gearóidín Lynch i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí. Tar éis obair chrua, tá fás tagtha ar a ngnó agus tá a mhac óg Ciarán ag plé leis an bhfeirm anois. Is féidir turas feirme a chur in áirithe le Dorothy Ó Tuama Tours, agus thug Molscéal fhéin cuairt orthu le gairid.
Buabhaill Mhaigh Chromtha
3:28
Bunaíodh ÉireComposites i 1998 in Indreabhán agus tá os cionn 60 fostaí ag an gcomhlacht. Is comhlacht nuálach dearaidh, déantúsaíochta agus tástála iad a bhfuil baint acu le hábhair ilchodacha éadroma, ardfheidhmíochta, treisithe le snáithín. Thug Molscéal turas ar an gcomhlacht le déanaí.
ÉireComposites Teo - Gnó na Gaeltachta
3:14
Tá an comhlacht Turmec Teoranta lonnaithe i Ráth Chairn ó 1972. Le roinnt blianta tá an comhlacht imithe ó neart go neart le ranna éagsúla, roinn athchúrsála agus roinn a bhíonn ag plé le hinnealtóireacht ghinearálta. Thug Molscéal turas orthu le héachtaint a fháil don obair a bhíonn ar bun acu.
Turmec - Gnó na Gaeltachta
3:39
Bunaíodh Firebird i nDún Mánmhaí i 1979 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i mBaile Mhic Íre. Táid ar cheann de na déantúsóirí is mó atá chun tosaigh i réimse na réiteach téimh, lena n-áirítear coirí ola, córais griantéimh theirmeacha agus soirn. Thug Molscéal cuairt orthu le blaiseadh beag a fháil don obair a bhíonn ar bun acu.
Firebird - Gnó na Gaeltachta
3:22
Tá lucht gnó in Inis Mór, Árainn ag súil go dtiocfaidh borradh faoin turasóireacht agus maolú le teacht ar shrianta Covid a 19 as seo go ceann cúpla mí. Tá muintir na hÉireann ag déanamh ar an oileán cheana féin an deireadh seachtaine gréine seo.
Lucht gnó in Inis Mór, Árainn ag súil go dtiocfaidh borradh faoin turasóireacht
2:19
Is fiú cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada an Samhradh seo. Tá sé ann le breis is 200 bliain. Osclaíodh é ar Lá Fhéile Pádraig 1817. Sa lá atá inniu ann tá sé ar cheann de na "Great Lighthouses of Ireland". Labhair MOLSCÉAL le Eimear Ní Mhathúna, bainisteoir theach solais Cionn Fhánada.
Teach Solais Fhánada #Gaeltacht
Is fiú cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada an Samhradh seo. Tá sé ann le breis is 200 bliain.
2:30
Is minic a bhí fear maith i seanbhríste. Tá Rónán Ó Dálaigh agus Thriftify ag dul i ngleic le géarchéim na timpeallachta aon ghúna amháin ag an am. Eagrán eile de chuid 'Gnó na Míosa' le Molscéal agus PEIG.ie.
Gnó na Míosa - Thriftify
3:46
Blathanna
Gnó na Míosa - Bláthanna Tigh Mhistéil
2:34
Is déantóir cártaí í Neasa Murphy, a chuir tús leis an gcomhlacht "Dingle Wild Card". D'inis sí dúinn faoi laethanta a óige a spreag ainm an chomhlachta agus faoin ngrá aici do ealaín na gcártaí.
Gnó na Míosa - Dingle Wild Card
2:57
Don chéad eagrán de "Gnó na Míosa", téann muid go Baile Átha Cliath le cuairt a thabhairt ar Sheosamh Breathnach sa cheardlann aige.
Gnó na Míosa - Seosamh Breathnach Hurleys
2:07
Déanann Mary Hayes i nGaeltacht na nDéise 'Weighted Blankets'. Is blaincéid speisialta iad seo a chabhraíonn le páistí a bhfuil fadhbanna céadfacha acu.
Weighted Blankets
2:16