Gnáthóga na gcréatúr
10:36
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Scoil Choille 2
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi ghnáthóga na gcréatúr atá ina gcónaí inti. Amharcann an teaghlach ar shamplaí d'ábhair nádúrtha amhail caonach agus craobhóga, ag foghlaim faoin dóigh a n-úsáideann ainmhithe iad seo chun a ngnáthóga a thógáil. Téann an teaghlach amach sa choill chun gnáthóga a aimsiú agus a shainaithint. Déanann siad ealaín le duilleoga ón choill, canbhás agus cárta donn chun gráinneog a chruthú. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘An Sionnach Rua’.
Spriocanna Foghlama:
Cad is gnáthóg ann agus cad é mar a chuireann na coillte gnáthóga ar fáil do na créatúir atá ina gcónaí iontul? Cad é mar is féidir gnáthóga a shainaithint?
Na hEochairfhocail:
Gnáthóg, Brocais, Craobhóga, Caonach, Nead.