Carraigeacha
10:22
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Scoil Choille 2
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi charraigeacha agus a ról sa nádúr. Amharcann an teaghlach ar shamplaí de chlocha difriúla. Téann an teaghlach amach sa choill chun samplaí de charraigeacha a fheiceáil. Déanann siad ealaín charraige le clocha agus marcóirí péinte. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Grianstad an tSamhraidh’.
Spriocanna Foghlama:
Cén ról atá ag carraigeacha sa nádúr? Cén fáth a bhfuil siad tábhachtach? Cén ról atá ag carraigeacha/clocha sa choill?
Na hEochairfhocail:
Carraig, cloch, caonach, mionbheithígh, cré, ealaín charraige, sionnach rua.