Crainn na hÉireann - Crann Coill, Crann Cuilinn.
11:48
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Scoil Choille 2
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi chrainn dhúchasacha. Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha isteach chuig an choill le hamharc ar chrainn dhúchasacha atá ag fás ansin. Feiceann siad crann coill agus crann cuilinn. Críochnaíonn an clár le ceardlann chruthaitheach ina ndéanann siad ealaín le slisíní adhmaid bunaithe ar dhuilleoga na gcrann, ag baint úsáid as marcóirí péinte. Ceolann siad amhrán darb ainm 'Iora Rua'.
Spriocanna Foghlama:
Crainn na hÉireann: cad is crann dúchasach ann? Crann síorghlas, cad é sin? Cad é mar is féidir crann a shainaithint (duilleoga, coirt)?
Na hEochairfhocail:
Crann coill, crann cuilinn, crann síorghlas, duilleoga, sméara, nimhiúil, oighearaois.