Urlár na Coille
11:35
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Scoil Choille 2
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi urlár na coille agus a thábhacht don éiceachóras. Amharcann an teaghlach ar shamplaí d'urlár na coille, ag foghlaim faoi na sraitheanna éagsúla. Téann an teaghlach amach sa choill chun urlár na coille a fheiceáil agus a fhiosrú. Feiceann siad cac fia agus mionbheithígh. Déanann siad ealaín le bosca bróg. Cuirtear cré, duilleoga agus craobhóga isteach ann, agus déantar péist as taos le súile bréagacha chun cónaí ann. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Domhain Éachtach Iontach’.
Spriocanna Foghlama:
Cad iad na sraitheanna éagúla d’urlár na coille? Cén fáth a bhfuil urlár na coille tábhachtach? Cad iad na mionbheithígh a chónaíonn ar urlár na coille?
Na hEochairfhocail:
Brat na nduilleog, cré shaibhir, mionbheithígh, péist, urlár na coille.