Crainn na hÉireann - An Péine Albanach, Sceach Gheal.
12:35
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi chrainn dhúchasacha na hÉireann. Amharcann an teaghlach ar shamplaí de chrainn dhúchasacha bheaga; an Péine Albanach agus an sceach gheal. Téann an teaghlach amach sa choill chun na crainn mhóra atá ag fás go nádúrtha a fheiceáil agus a shainaithint. Déanann siad slait draíochta maisithe le holann ildaite. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Ulchabhán’.