Téann Frainc, Gráinne agus na páistí isteach sa choill le caora agus cnónna na coille a bhailiú. Tá caora dubha agus caora troim ag fás. Déanann siad líontán damhán alla le rudaí a bhailíonn siad ón choill.
Spriocanna Foghlama:
Fómhar na coille, cnónna agus sméara, cad iad na rudaí a itheann créatúir na coille? Cén claochlú a thagann ar an aimsir le linn an fhómhair agus cad é mar a théann sin i bhfeidhm ar an domhan nádúrtha?
Na hEochairfhocail:
Caor, sméara dubha, cnónna, caora troim, fíodóir, líontán damhán alla.