Tíreolaíocht
Tíreolaíocht - Tíreolaíocht Nádúrtha
Scag de réir rang:
Scag de réir rang
Labhraíonn Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha faoi fhoscadh agus cén fáth a bhfuil sin tábhachtach do chréatúir na coille, go háirithe le linn an gheimhridh. Tógann Frainc foscadh beag bídeach. Téann siad uilig isteach sa choill le foscadh mór a thógáil.
An Geimhreadh - Foscadh
Scoil Choille
10:49
Téann Frainc, Gráinne agus na páistí isteach sa choill le créatúir na coille a fheiceáil. Feiceann siad scréachóg coille agus dreoilín sa choill. Déanann siad beathadán éan le cuidiú le héanacha na coille atá ocrach.
Créatúir na Coille
Scoil Choille
13:33
Labhraíonn Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha faoi na crainn shíorghlasa atá ag fás sa choill. Téann siad uilig isteach sa choill le hamharc ar na crainn shíorghlasa atá ag fás ann agus feiceann siad crann cuilinn agus crann iúir. Déanann siad bláthfhleasc geimhriúil.
An Geimhreadh - Na Crainn
Scoil Choille
12:52
Labharann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha faoi na haibhneacha. Cad é mar a thosaíonn abhann amach? Cad iad na créatúir atá ina chónaí sna haibhneacha? Pléann siad saolré an éisc. Tógann Naoise agus Síomha báidíní le craobhóga agus sreang. Téann an teaghlach chuig an abhann agus scaoileann siad na báidíní ann. Canann siad amhrán darbh ainm Fuaim na hAbhann.
Fuaim na habhann
Scoil Choille
12:51
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar chréatúir na coille ach go háirithe na pailneoirí, na féileacáin agus na beacha. Pléann siad an ról tábhachach átá ag na páilneoirí agus amharcann siad ar shaolré an fheileacáin. Feiceann siad feileacáin agus beacha sa choill. Tógann siad óstán na bhfeithidí le rudaí a bhailigh siad ón choill. Canann siad amhrán darbh ainm an Féileacán agus an Bheach.
Créatúir
Scoil Choille
12:06
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar bhláthanna an tsamhraidh atá ag fás san fhiántas. Tagann siad ar lusanna móra agus ar bhláthanna troim atá ag fás sa choill. Pléann siad an dóigh a bhfásann na bláthanna agus go bhfuil cuid ann atá nimhiúil agus cuid gur féidir a ithe. Cruthaíonn siad canbhas coille bunaithe ar bhláthanna an tsamhraidh agus canann siad amhrán darbh ainm Lusanna Móra.
Bláthú
Scoil Choille
13:48
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar éanacha na coille agus iad ag tógáil neadacha.
An tEarrach - Neadú
Scoil Choille
13:38
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar bhláthanna an earraigh atá ag fás san fhiántas.
An tEarrach - Bláthú
Scoil Choille
11:14
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar ghlóthach loscainn atá le feiceáil sa choill le linn an earraigh.
An tEarrach - Créatúr
Scoil Choille
12:50