Bláthú
13:48
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Scoil Choille
Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar bhláthanna an tsamhraidh atá ag fás san fhiántas. Tagann siad ar lusanna móra agus ar bhláthanna troim atá ag fás sa choill. Pléann siad an dóigh a bhfásann na bláthanna agus go bhfuil cuid ann atá nimhiúil agus cuid gur féidir a ithe. Cruthaíonn siad canbhas coille bunaithe ar bhláthanna an tsamhraidh agus canann siad amhrán darbh ainm Lusanna Móra.
Spriocanna Foghlama:
Saolré an bhlátha. Bláthanna an tsamhraidh. Na pailneoirí. Tuiscint ar an chlaochlú a thagann ar an aimsir le linn an tsamhraidh agus cad é mar a théann sin i bhfeidhm ar an domhan nádúrtha.
Na hEochairfhocail:
Bláthanna an tsamhraidh, lus mór, bláth troim, an samhradh, pailneoir, neachtar.