Téann Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha sa tóir ar bheacáin atá ag fás sa choill le linn an fhómhair.
Spriocanna Foghlama:
Cén claochlú a thagann ar an aimsir le linn an fhómhair agus cad é mar a théann sin i bhfeidhm ar an domhan nádúrtha? Tá cuid mhaith de na beacáin a fhásann sa choill nimhiúil do dhaoine. Ná hith beacán ar bith ón choill ach amháin má thugann saineolaí cead duit.