Crainn na hÉireann - Fuinseog, Beith.
10:38
Roinn le Google Classroom
Scoil Choille 2
Sa chlár seo, tugann na láithreoirí Frainc, Gráinne, Naoise agus Síomha an lucht féachana ar aistear chuig an choill chun foghlaim faoi chrainn dhúchasacha na hÉireann. Amharcann an teaghlach ar choirt bheithe agus ar dhuilleoga ón fhuinseog. Téann an teaghlach amach sa choill chun na crainn mhóra atá ag fás go nádúrtha a fheiceáil agus a aithint. Feiceann siad fuinseog agus beith. Déanann siad ealaín le coirt bheithe. Gearrtar cruthanna duilleoige amach as an choirt agus déantar iad a mhaisiú le marcóirí péinte. Ag deireadh an chláir, ceolann an grúpa amhrán darb ainm ‘Glaoch na bPréachán’.