Gaeilge
Anseo, tá míreanna físe a bhaineann le cleachtadh agus topaicí treorach don Bhéaltriail, gramadach na Gaeilge agus saibhreas na teanga.
Scag de réir:
Scag
Tosaíonn an eipeasóid seo le hagallaimh ó dhéagóirí ar fud na tíre ag cur réimse leathan tuairimí in iúl maidir leis an saol atá acu. Ansin castar 'Ag Críost an Síol'- an leagan a chuir Seán Ó Riada le ceol, amhrán faoi chéimeanna an tsaoil. Ina dhiaidh sin déantar cur síos ar an scéal 'An Cluiche Mór' ón tsraith shóisearach Ghaeilge trí ghiota beag aisteoireachta. Ansin cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Liam Óg maidir le cursaí fostaíochta, agus ar deireadh feicimid próifíl ar Mhairtín Ó Direáin, athair na nua-fhilíochta.
PLAIC 11
San eipeasóid seo tá agallaimh le déagóirí na tíre, amhrán, cur síos ar 'An Cluiche Mór', scéal don Teastas Sóisearach, agallamh maidir leis an bhfostaíocht agus próifíl ar an bhfile Máirtín Ó Direáin.
26:15
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar an gclásál coibhneasta sa Ghaeilge. Tá tuairisc ansin faoi chumann dornálaíochta i gCasla. Ina dhiaidh sin casann Spats Colombo an t-amhrán duairceach 'Faoiseamh'. Castar Colm Bó orainn ansin agus léirítear dúinn an dán 'Dán do Lara' le Micheál Ó hAirtnéide. Ar deireadh cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Chaoimhe Ní Chathail maidir le cursaí oibre agus caitheamh aimsire.
PLAIC 9
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, club dornálaíochta Chasla, amhrán leis an mbanna ceoil Spats Colombo, Colm Bó agus agallamh le Caoimhe Ní Chathail.
25:10
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, déagóirí atá ag iarraidh an domhan a fheabhsú, amhrán leis an mbanna Na Fíréin, Colm Bó agus agallamh le Barry Sugrue.
PLAIC 10
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge ag déanamh plé ar an ngné is míchlúití sa ghramadach, an Modh Coinníollach, déagóirí atá ag iarraidh an domhan a fheabhsú, amhrán leis an mbanna Na Fíréin, Colm Bó agus an dán 'Ceist na Teangan' le Nuala Ní Dhomhnail agus agallamh le Barry Sugrue.
23:55
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar lagiolraí agus tréaniolraí sa Ghaeilge. Ansin tá tuairisc faoi na Gaeil Aeracha, an chéad CLG atá ionchuimsitheach i gcás phobal uile LADT+. Ina dhiaidh sin casann IMLÉ an t-amhrán 'Fún Orm' faoi chumhacht na Gaeilge. Castar Colm Bó orainn ansin agus léirítear dúinn an dán 'Stadeolaíocht' le Marcus Mac Conghail. Ar deireadh cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Louise Cantalún maidir le cúrsaí ceoil.
PLAIC 7
San an eipeasóid seo tá Barista na Gaeilge, club CLG na Gael Aeracha, amhrán leis an mbanna IMLÉ, Colm Bó agus agallamh le Louise Cantalún.
25:44
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar na rialacha a bhaineann leis an nginideach iolra sa Ghaeilge. Ansin tá tuairisc faoi shiopa i nDún Garbhán nach ndíolann earra ar bith le plaisteach agus a dhíolann ábhar órgánach agus nádúrtha amháin. Ina dhiaidh sin casann KÍLA amhrán lúcháireach le rithimí na hAfraice dar teideal 'Bí Ann'. Castar Colm Bó orainn ansin agus léirítear dúinn an dán 'Cad É?' le Liam Ó Muirthíle. Ar deireadh déanann Micheál Ó Ciaraidh agallamh le Séaghan Ó Súilleabháin nó 'the Kerry Cowboy' mar a thugtar air ar líne maidir leis an bhfeirmeoireacht agus na meáin shóisialta.
PLAIC 8
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, siopa inbhuanaithe i nDún Garbhán, amhrán leis an mbanna KÍLA, Colm Bó agus agallamh le Séaghan Ó Súilleabháin.
25:47
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar chineálacha uimhreacha sa Ghaeilge. Tá tuairisc ansin faoi bhearbóir Pj Mac Lámh sa Daingean. Ina dhiaidh sin casann an banna ceoil Seo Linn an t-amhrán 'Solas' a bhaineann leis an bhféinmhachnamh agus leis an ndóchas. Táimid i gcomhluadar Colm Bó ansin agus é ag cur an dán brónach 'Sámhchodladh' le Colm Breathnach inár láthair. Ar deireadh cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Phroinsias Ó Coinn maidir le cúrsaí taistil.
PLAIC 6
San eipeasóid seo tá Barista na Gaeilge, cumann Gaelach agus an snámh farraige, amhrán traidisiúnta caointe, Colm Bó agus agallamh le Donncha Ó Murchú.
26:10
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar an riail 'uatha uatha, iolra iolra'. Ansin tá tuairisc faoi Bean sa Daingean, siopa chaifé le pónairí lámhrósta agus bród sa Ghaeilge. Ina dhiaidh sin casann Madelyn Monaghan amhrán álainn dúinn 'An Mhaighdean Mhara', amhrán a bhaineann le grá, brón agus máithreachas. Castar Colm Bó orainn ansin agus é ag caint faoina óige, déanann sé plé ar an dán 'Jeaic ar Scoil'. Ar deireadh déanann Micheál Ó Ciaraidh agallamh le Fiona Ní Fhlaithearta maidir leis an aimsir.
PLAIC 3
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, tuairisc faoi shiopa chaifé, amhrán le Madelyn Monaghan, Colm Bó agus agallamh le Fiona Ní Fhlaithearta.
25:44
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar an gcaoi a leanann an aidiacht an t-ainmfhocal sa Ghaeilge. Tá tuairisc ansin faoi shiúinéir atá ag cruthú earraí lámhdhéanta as adhmad ar Inis Mór. Ina dhiaidh sin casann Oisín Mac an t-amhrán rap 'An Saol Rúnda' dúinn faoi chontúirtí na meán sóisialta. Castar Colm Bó orainn ansin a chuireann an dán 'An Ghealach' inár láthair. Ar deireadh cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Darren Ó Dubhgáin maidir le cursaí spóirt.
PLAIC 4
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, tuairisc faoi shiúinéir ar Inis Mór, amhrán le hOisín Mac, Colm Bó agus agallamh le Darren Ó Dubhgáin.
25:40
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar chineálacha uimhreacha sa Ghaeilge. Tá tuairisc ansin faoi bhearbóir Pj Mac Lámh sa Daingean. Ina dhiaidh sin casann an banna ceoil Seo Linn an t-amhrán 'Solas' a bhaineann leis an bhféinmhachnamh agus leis an ndóchas. Táimid i gcomhluadar Colm Bó ansin agus é ag cur an dán brónach 'Sámhchodladh' le Colm Breathnach inár láthair. Ar deireadh cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Phroinsias Ó Coinn maidir le cúrsaí taistil.
PLAIC 5
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, bearbóir sa Daingean, amhrán le Seo Linn, Colm Bó agus agallamh le Proinsias Ó Coinn
25:27
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, amhrán ó Róisín Seoighe, agallamh le Tessa Fleming agus réamhaithris ar 'Athair' le Nuala Ní Dhomhnaill. San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge ag déanamh plé ar chanúintí agus ar chaighdeán na Gaeilge, amhrán ó Róisín Seoighe, 'Níl mé Marbh', agallamh le Tessa Fleming agus réamhaithris ar 'Athair' le Nuala Ní Dhomhnaill.
PLAIC 1
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, amhrán ó Róisín Seoighe, agallamh le Tessa Fleming agus réamhaithris ar 'Athair' le Nuala Ní Dhomhnaill.
25:04
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge ag déanamh plé ar ainmfhocail bhaininscneacha agus fhirinscneacha, tuairisc faoi rothar le hinneall, amhrán le Madelyn Monaghan, Colm Bó leis an dán sa dán 'Deochadh Dorais' agus agallamh le Irial Ó Ceallaigh.
PLAIC 2
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, tuairisc faoi rothar le hineall, amhrán le Madelyn Monaghan, Colm Bó agus agallamh le Irial Ó Ceallaigh.
25:42
Cuireann Áine aithne ar chósta Chonamara agus fiosraíonn sí faoin iascaireacht atá ar bun timpeall an chósta.
Iúil - Taighde ar an fharraige
An Cósta Thiar
5:00
Sa Daingean, bhí Tobar Duibhne, Dúchas an Daingin, Todhchaí na Tuaithe ag éileamh go ndéanfaí cás ar leith do phobal na Gaeltachta i bpolasaithe pleanála. Tuairisc le Seán Mac an tSíthigh.
Gaelchultúr --- Cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht
Nuacht TG4
2:27
Sa mhír seo, tugann an láithreoir, Áine Ní Bhreisleáin, cuairt ar Chois Fharraige i nGaeltacht Chonamara agus téann sí ag baint fheamainne in éineacht le fear gnó áitiúil.
Gaelchultúr --- Feamainn a bhaint
An Chósta Thiar
4:47
Tá fáilte tugtha ag grúpaí rothaíochta faoin scéal go bhfuil infhéistíocht €17 milliún le bheith déanta ar scéimeanna rothaíochta agus siúil i gContae na Gaillimhe.
Gaelchultúr --- Infhéistíocht ar scéimeanna Rothaíochta agus siúil
Nuacht TG4
2:24
Tá deireadh an tsamhraidh buailte ach tá Barista na Gaeilge go fóill Cois Cladaigh chun caife a dhíol agus saineolas a roinnt ar chúrsaí gramadaí. Tugann sé míniú anseo den difear atá idir Canúint agus Caighdeán.
1. Canúint agus Caighdeán
Barista na Gaeilge 2
4:11
Tá Barista na Gaeilge gnóthach na laetha seo, ag díol caife agus cistí. Inniu míníonn sé na rialacha atá ann maidir le hinscne na bhfocal agus an dóigh a athraíonn aidiachtaí de réir.
2. Baininscneach nó Firinscneach?
Barista na Gaeilge 2
4:01
Nach álainn an chuma atá ar na sconaí beaga Madeira atá ar díol ag Barista na Gaeilge. SCONAÍ BEAGA --- Míníonn Barista an riail uatha - uatha, iolra - iolra, ag baint úsáide as na SCONAÍ BEAGA atá ar díol aige.
3. An riail uatha uatha, iolra iolra.
Barista na Gaeilge 2
3:07
Tá custaiméir fiosrach ann inniu agus í ag fiosrú an riail go leanann an aidiacht tuiseal an ainmfhocal! Nach maith an rud go mbíonn na freagraí agus caife is fearr ag Barista Cois Cladaigh!
4. Leanann an aidiacht an t-ainmfhocal
Barista na Gaeilge 2
3:53
Déanann Barista na Gaeilge - Cois Cladaigh, cineálacha éagsúla uimhreacha a mhíniú. Bunuimhreacha, Uimhreacha Pearsanta agus Orduimhreacha.
5. Cineálacha Uimhreacha
Barista na Gaeilge 2
4:10
Tá Barista na Gaeilge - Cois Cladaigh anseo le hinsint faoin Chaint Indíreach agus gach seans go bhfuil amhrán nó dhó aige le cuidiú cuimhniú a dhéanamh ar an rialacha.
6. An Chaint Indíreach
Barista na Gaeilge 2
3:51
Agus an tuiseal ginideach, uimhir uatha, ar eolas agaibh. Anois, tá sé in am bheith ag foghlaim faoin tuiseal ginideach, uimhir iolra! Ach, ar dtús, caithfidh sibh tuiscint a bheith agaibh ar lagiolraí agus tréaniolraí.
7. Lagiolraí agus Treániolraí
Barista na Gaeilge 2
4:54
Tugann an Barista comhairle anseo faoin Ghinideach Iolra agus an dóigh chun na rialacha sin a úsáid.
8. Ginideach Iolra
Barista na Gaeilge 2
4:00
Tá Barista na Gaeilge go fóill Cois Cladaigh agus treoracha agus tacaíocht go leor aige. Míníonn sé an Clásal Coibhneasta anseo.
9. An Clásal Coibhneasta
Barista na Gaeilge 2
3:35
Bíonn go leor foghlaimeoirí buartha faoin mhodh coinníollach ach tá tacaíocht anseo agus Barista na Gaeilge ar fáil leis an mhodh coinníollach a mhíniú.
10. An Modh Coinníollach
Barista na Gaeilge 2
3:39
I Mo Thuairim - sisterly love, inspiring sport, trad musician, future director & more | BLOC TG4
5:13
I Mo Thuairim - future actor, jiu jitsu learner, student officer, phone addict & more| BLOC TG4
4:33
I Mo Thuairim - paramedic, farmer, fitness fanatic, historian & voice actor talk life | BLOC TG4
4:38
I Mo Thuairim - Irish Youth talk music, tradition, future, careers & kindness | BLOC TG4
5:25
I Mo Thuairim - journalist, ballet dancer, rugby player & activist talk hobbies & life | BLOC TG4
5:31
I Mo Thuairim - a feminist, football fan, a chef & more talk hobbies & life | BLOC TG4
5:13
I Mo Thuairim - politician, volunteer, Irish cyclist & more talk hobbies & life | BLOC TG4
4:37
I Mo Thuairim - a golf caddy, a drummer, a scientist & a dancer talk hobbies & life | BLOC TG4
5:23
Bíonn Caoimhe Ní Chathail sáite leis an fhaisean inbhuanaithe. Labhraíonn sí le Micheál faoi agus faoin suim atá aici i gcúrsaí bia agus cúrsaí spóirt.
1. Caoimhe Ní Chathail - Cúrsaí faisin agus caitheamh aimsire
Béalbhinn
8:41
Bíonn Irial Ó Ceallaigh ag obair le Glór na nGael i gCúige Uladh leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Labhraíonn sé le Micheál faoin obair atá idir lámha aige agus na postanna eile a bhí aige le TG4 agus leis an státseirbhís.
2. Irial Ó Ceallaigh - Cúrsaí Polaitíochta agus teanga
Béalbhinn
8:46
Is léiritheoir raidió é Proinsias Ó Coinn a bhfuil dúil as cuimse aige sa taisteal. Insíonn sé do Mhicheál faoin taisteal atá déanta aige agus an obair a dhéanann sé mar láithreoir teilifíse agus léiritheoir raidió.
3. Proinsias Ó Coinn - Cúrsaí taistil
Béalbhinn
6:13
Bíonn Darren Ó Dubhgáin le feiceáil go minic ar an taobhlíne ag tuairisciú agus ag déanamh anailíse ar chúrsaí spóirt. Labhraíonn sé le Micheál faoin suim atá aige i gcúrsaí spóirt agus sa chraoltóireacht.
4. Darren Ó Dubhgáin - Cúrsaí spóirt
Béalbhinn
6:51
Sa mhír seo insíonn an láithreoir raidió agus teilifíse do Mhicheál faoin obair atá ar bun aici agus na suimeanna ceoil atá aici.
5. Louise De Cantalún - Ceol
Béalbhinn
7:12
Labhraíonn Donncha le Micheál faoin obair a dhéanann sé mar iriseoir.
6. Donncha Ó Murchú - Polaitíocht/An Ghaeilge
Béalbhinn
7:30
Labhraíonn Micheál leis an láithreoir aimsire Fiona Ní Fhlaithearta faoin obair a dhéanann sí le TG4. Fiosraíonn Micheál na tuairimí atá aici faoi athrú aeráide.
7. Fiona Ní Fhlaithearta - An Aimsir
Béalbhinn
8:48
Is feirmeoir aitheanta é Séaghan a bhfuil a chroí sa talmhaíocht ach tá suim ar leith aige chomh maith sna meáin shóisialta. Labhraíonn sé le Micheál faoin fheirmeoireacht agus ardán s'aige féin ar líne.
8. Séaghan Ó Súilleabháin - Feirmeoireacht agus na meáin shóisialta
Béalbhinn
5:07
Labhraíonn an láithreoir teilífse agus raidió Tessa Fleming le Micheál faoi na cláracha timpeallachta atá déanta aici agus faoi na tuairimí atá aici maidir le hathrú aeráide.
9. Tessa Fleming - Cúrsaí timpeallachta agus athrú aeráide
Béalbhinn
6:36
Oibríonn Barry Sugrue in Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann. Labhraíonn sé le Micheál faoin obair atá aige le mic léinn na hollscoile agus faoi na meáin shóisialta.
10. Barry Sugrue - Cúrsaí ollscoile agus na meáin chumarsáide
Béalbhinn
5:57
Labhraíonn an ceoltóir Liam Óg le Micheál faoin ghrá atá aige don cheol agus suim atá aige an Ghaeilge a chur chun cinn.
11. Liam Óg - Ceoltóir
Béalbhinn
5:20
Insíonn Jamie Ó Flannúra do Mhicheál faoi na postanna ar fad atá déanta aige, idir bheith ag obair mar mhúinteoir, cúrsaí turasóireachta agus na meáin chumarsáide.
12. Jamie Ó Flannúra - Cúrsaí oibre agus caitheamh aimsire
Béalbhinn
6:48
Is stiúrthóir agus scríbhneoir í Rachael Moriarty. Oibríonn sí ar fud go leor seánraí teilifíse - cláracha fíorasacha agus formáidí, cláracha do leanaí, cláracha ealaíon agus siamsaíochta - do chraoltóirí éagsúla ar nós TG4, RTÉ, VM, BBC. I measc na saothar is déanaí tá cláracha údair amhail Síle Seoige: Deireadh Tochta agus Evelyn O'Rourke: Ailse & Ise. Tá gearrscannáin agus dhá fhadscannán comhscríofa/stiúrtha ag Rachael - Traders le Killian Scott agus Róise & Frank le Bríd Ní Neachtain. Tá an iliomad gradam buaite ag an dá scannán ag féilte idirnáisiúnta.
Máistir-Rang: Rachael Moriarty
Gairm sna Meáin Ghaeilge
1:01:45
Cuireann Darach Mac Con Iomaire, scríbhneoir, léiritheoir agus stiúrthóir a bhfuil gradam IFTA buaite aige, Máistir-Rang i láthair i dteannta leis an láithreoir Aodh Ó Coileáin i mol gteic i nGaoth Dobhair i gcroílár cheantar Gaeltachta Dhún na nGall. Briseann stíl idirghníomhach Dharach ar cheird na scéalaíochta agus é ag tabhairt ugach don dream atá i láthair a gcuid carachtair, snáithe scéil agus radhairc féin a chruthú. Roinneann Darach chomh maith a aistear pearsanta féin.
Máistir-Rang: Darach Mac Con Iomaire
Gairm sna Meáin Ghaeilge
1:06:30
Ar mhaith leat bheith ag obair leis sna Meáin Ghaeilge? Seo roinnt daoine atá ag obair sna Meáin Ghaeilge agus na postanna a dhéanann siad.
Gairm sna Meáin Ghaeilge
Gairm sna Meáin Ghaeilge
3:10
Thóg feirmeoir áitiúil ba go hoileán Thoraigh den chéad uair le cúig bliana is fichead mar chuid den tionscadal traonach. Beidh na ba ag briseadh síos an pháirc do na traonaigh a bheas ag teacht idir Aibreán agus Bealtaine.
Go brách na breithe
3:33
Chuir Sinéad tús lena gairm ag oibriú ina dearthóir léiriúcháin ar ghnéchláracha i Stiúideonna Éireannacha Roger Corman, Concorde Anois agus le TnaG ar an sobalchlár suaitheanta atá acu, Ros na Rún. Bhog Sinéad go Los Angeles sa bhliain 2000 agus d'athraigh sí a gairm go maisiú seit. Is san áit sin a d'oibrigh sí ar dhrámaí grinn suímh ar nós Reba agus The War at Home. Mhaisigh sí cláracha mór le rá ar nós Mistresses, Lethal Weapon agus an clár thuasluaite 9-1-1.
Sinéad Clancy
Gairm sna Meáin Ghaeilge
3:08
Tá réimse leathan de shaothair a bhfuil duaiseanna buaite acu scríofa, léirithe agus stiúrtha ag Darach don stáitse, don scáileán agus don raidió tríd na blianta, lena n-áirítear ‘Corp & Anam’ ar bhuaigh sé gradam IFTA dó. Pléann sé a chonair ghairme go dtí seo san eipeasóid seo de réir mar a dhéanann sé iarracht scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn a spreagadh chun luí isteach ar an obair agus triail a bhaint as.
Darach Mac Con Iomaire
Gairm sna Meáin Ghaeilge
3:33
Rachael Moriarty (Scríbhneoir, stiúrthóir & déantóir scannán) Is stiúrthóir agus scríbhneoir í Rachael Moriarty. Oibríonn sí ar fud go leor seánraí teilifíse - cláracha fíorasacha agus formáidí, cláracha do leanaí, cláracha ealaíon agus siamsaíochta - do chraoltóirí éagsúla ar nós TG4, RTÉ, VM, BBC. I measc na saothar is déanaí tá cláracha údair amhail Síle Seoige: Deireadh Tochta agus Evelyn O’Rourke: Ailse & Ise. Tá gearrscannáin agus dhá fhadscannán comhscríofa/stiúrtha ag Rachael - Traders le Killian Scott agus Róise & Frank le Bríd Ní Neachtain. Tá an iliomad gradam buaite ag an dá scannán ag féilte idirnáisiúnta, ina measc gradaim aisteoireachta, gradaim lucht féachana agus ceann speisialta a fuarthas le déanaí ná gradam i mBúcairist do Barley, a raibh ról Frank Madra aige sa scannán.
Rachael Moriarty
Gairm sna Meáin Ghaeilge
3:12
Oibríonn Sorcha Nic Giolla Mhuire ina heagarthóir le Yellow Moon Post Productions...Rinne sí eagarthóireacht ar chláracha agus scannáin éagsúla le blianta anuas lena n-áirítear Doineann ina raibh an phríomhpháirt ag Peter Coonan. Inniu tá sí ag caint faoin ionchur cruthaitheachta atá aici mar eagarthóir; an tábhacht a bhaineann le hoibriú mar fhoireann agus an chaoi ar thug sí faoi ghairm bheatha chruthaitheachta sna meáin chumarsáide Ghaeilge a bhuíochas dá grá don teanga.
Sorcha Nic Giolla Mhuire
Gairm sna Meáin Ghaeilge
2:36
An bhfuil gairm bheatha sna meáin shóisialta Ghaeilge uait? Tugann an saor-chruthaitheoir ábhair Róisín Ní Mhaoláin agus comhordaitheoir meán sóisialta do TG4 Rút Ní Theimhneáin léargas dúinn ar na sceidil laethúla atá acu de réir mar a dhéanann siad ceangal le lucht féachana ar líne ar fud an domhain. Nochtann siad na tuairimí a bhíonn ag criticeoirí meán sóisialta a thugann neamhaird don tábhacht a bhaineann leis na meáin shóisialta agus pléann siad an tábhacht a bhaineann le taighde maith, pleanáil agus feasacht branda ó thaobh ceangal a dhéanamh leis an bpobal atá acu ar líne.
Róisín Ní Mhaoláin & Rút Ní Theimhneáin
Gairm sna Meáin Ghaeilge
2:59
Pléann Cian Mac Carthaigh & Rachel Nic An Ultaigh na deiseanna agus na dúshláin a bhíonn ann sa léiriú suimiúil agus bríomhar ar chláracha teilifíse do leanaí. Pléifidh Cian san eipeasóid seo an cur chuige atá aige i leith smaointe nua a dhéanamh don scáileán agus pléifidh Rachel an próiseas léiriúcháin ón smaoineamh go dtí an scáileán...
Cian Mac Cárthaigh & Rachel Nic An Ultaigh
Gairm sna Meáin Ghaeilge
3:05
Tá Pól Mac Ruairí ó Toraigh ina charachtar, ina cheoltóir, agus ina oileánach go smior. Chaith Molscéal am leis ar an oileán - bhuail sé cúpla port agus labhair sé linn faoina shaol.
Pól Mac Ruairí
Saibhreas na Gaeilge ó Oileán Thoraí
3:12
Barista na Gaeilge | Caol le Caol...
Barista na Gaeilge
Caol le Caol...
3:25
Barista na Gaeilge | Uimhir Uatha nó Iolra?
Barista na Gaeilge
Uimhir Uatha nó Iolra?
3:33
Barista na Gaeilge | Sula, Sular, Mura, Murar
Barista na Gaeilge
Sula, Sular, Mura, Murar
3:38
Barista na Gaeilge | Séimhiú nó Urú?
Barista na Gaeilge
Séimhiú nó Urú?
2:34
Barista na Gaeilge | Céimeanna Comparáide
Barista na Gaeilge
Céimeanna Comparáide
3:43
Barista na Gaeilge | Forainm Réamhfhoclach
Barista na Gaeilge
Forainm Réamhfhoclach
3:04
Barista na Gaeilge | An Tuiseal Gairmeach
Barista na Gaeilge
An Tuiseal Gairmeach
3:11
Barista na Gaeilge | An Tuiseal Ginideach
Barista na Gaeilge
An Tuiseal Ginideach
3:10
Barista na Gaeilge | Na hAidiachtaí Sealbhacha
Barista na Gaeilge
Na hAidiachtaí Sealbhacha
4:05
Barista na Gaeilge | An Modh Foshuiteach
Barista na Gaeilge
An Modh Foshuiteach
3:41
Micí Whiting Mac Aoidh | Feamaine | Focail Farraige
Focail Farraige
Feamaine
3:07
Pádhraic S Ó Murchú | Focail Farraige
Focail Farraige
Paps
2:40
John Bhaba Jeaic Ó Confhaola | Sailiú | Focail Farraige
Focail Farraige
Sailiú
3:13
Pádhraic S Ó Murchú | Uaigneas an Chladaigh | Focail Farraige
Focail Farraige
Uaigneas an Chladaigh
3:28
John Bhaba Jeaic Ó Confhaola | Pisreoga | Focail Farraige
Focail Farraige
Pisreoga
3:28
John Bhaba Jeaic Ó Confhaola | Aire | Focail Farraige
Focail Farraige
Aire
2:46
Micí Whiting Mac Aoidh | An Chiúnáil | Focail Farraige
Focail Farraige
An Chiúnáil
2:20
Pádhraic S Ó Murchú | Caimín | Focail Farraige
Focail Farraige
Caimín
3:41
Micí Whiting Mac Aoidh | Ag Imirt Caipiní | Focail Farraige
Focail Farraige
Ag Imirt Caipiní
3:31