PLAIC 7
25:44
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
San an eipeasóid seo tá Barista na Gaeilge, club CLG na Gael Aeracha, amhrán leis an mbanna IMLÉ, Colm Bó agus agallamh le Louise Cantalún.
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar lagiolraí agus tréaniolraí sa Ghaeilge. Ansin tá tuairisc faoi na Gaeil Aeracha, an chéad CLG atá ionchuimsitheach i gcás phobal uile LADT+. Ina dhiaidh sin casann IMLÉ an t-amhrán 'Fún Orm' faoi chumhacht na Gaeilge. Castar Colm Bó orainn ansin agus léirítear dúinn an dán 'Stadeolaíocht' le Marcus Mac Conghail. Ar deireadh cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Louise Cantalún maidir le cúrsaí ceoil.
Spriocanna Foghlama:
Tuiscint níos buaine ar an ngramadach, scileanna cluastuiscine, tuiscint ar amhráin, foghrú na filíochta, tuiscint ar chursaí ceoil
Na hEochairfhocail:
Lagiolraí agus tréaniolraí, Gaeil aeracha, CLG, Stadeolaíocht, Fún orm, IMLÉ, Louise Cantalún, Ceol