PLAIC 8
25:47
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, siopa inbhuanaithe i nDún Garbhán, amhrán leis an mbanna KÍLA, Colm Bó agus agallamh le Séaghan Ó Súilleabháin.
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar na rialacha a bhaineann leis an nginideach iolra sa Ghaeilge. Ansin tá tuairisc faoi shiopa i nDún Garbhán nach ndíolann earra ar bith le plaisteach agus a dhíolann ábhar órgánach agus nádúrtha amháin. Ina dhiaidh sin casann KÍLA amhrán lúcháireach le rithimí na hAfraice dar teideal 'Bí Ann'. Castar Colm Bó orainn ansin agus léirítear dúinn an dán 'Cad É?' le Liam Ó Muirthíle. Ar deireadh déanann Micheál Ó Ciaraidh agallamh le Séaghan Ó Súilleabháin nó 'the Kerry Cowboy' mar a thugtar air ar líne maidir leis an bhfeirmeoireacht agus na meáin shóisialta.
Spriocanna Foghlama:
Tuiscint níos buaine ar an ngramadach, scileanna cluastuiscine, tuiscint ar amhráin, foghrú na filíochta, tuiscint ar chursaí ceoil.
Na hEochairfhocail:
Ginideach iolra, inbhuanaithe, inbhuanaitheacht, KÍLA, Kerry Cowboy, feirmeoireacht