Rachael Moriarty
3:12
Roinn le Google Classroom
SÁBHÁIL
0
Gairm sna Meáin Ghaeilge
Rachael Moriarty (Scríbhneoir, stiúrthóir & déantóir scannán) Is stiúrthóir agus scríbhneoir í Rachael Moriarty. Oibríonn sí ar fud go leor seánraí teilifíse - cláracha fíorasacha agus formáidí, cláracha do leanaí, cláracha ealaíon agus siamsaíochta - do chraoltóirí éagsúla ar nós TG4, RTÉ, VM, BBC. I measc na saothar is déanaí tá cláracha údair amhail Síle Seoige: Deireadh Tochta agus Evelyn O’Rourke: Ailse & Ise. Tá gearrscannáin agus dhá fhadscannán comhscríofa/stiúrtha ag Rachael - Traders le Killian Scott agus Róise & Frank le Bríd Ní Neachtain. Tá an iliomad gradam buaite ag an dá scannán ag féilte idirnáisiúnta, ina measc gradaim aisteoireachta, gradaim lucht féachana agus ceann speisialta a fuarthas le déanaí ná gradam i mBúcairist do Barley, a raibh ról Frank Madra aige sa scannán.
Ábhar tacaíochta