Máistir-Rang: Rachael Moriarty
1:01:45
Faisnéis
Roinn le Google Classroom
SÁBHÁIL
0
Gairm sna Meáin Ghaeilge
Is stiúrthóir agus scríbhneoir í Rachael Moriarty. Oibríonn sí ar fud go leor seánraí teilifíse - cláracha fíorasacha agus formáidí, cláracha do leanaí, cláracha ealaíon agus siamsaíochta - do chraoltóirí éagsúla ar nós TG4, RTÉ, VM, BBC. I measc na saothar is déanaí tá cláracha údair amhail Síle Seoige: Deireadh Tochta agus Evelyn O'Rourke: Ailse & Ise. Tá gearrscannáin agus dhá fhadscannán comhscríofa/stiúrtha ag Rachael - Traders le Killian Scott agus Róise & Frank le Bríd Ní Neachtain. Tá an iliomad gradam buaite ag an dá scannán ag féilte idirnáisiúnta.