Laochra Gael
50:41
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Eamon McGee
Dírítear ar an bpeileadóir Eamon McGee as Dún na nGall sa gclár seo. Bhí cáil ar McGee mar gheall ar a sheasmhacht agus a láidreacht ar an bpáirc agus ba dheacair dul thairis agus é ar líne lánchúil Dhún na nGall. Is iomaí deacracht a bhí ag Eamon ina shaol pearsanta agus d'éirigh leis faoiseamh a fháil ó bhuaireamh an tsaoil trí a bheith ag imirt peile. D'éirigh le hEamon Craobh na hÉireann a bhuachan le Dún na nGall in 2012 faoi stiúir Jim McGuinness.