Laochra Gael
50:50
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Pádraic Maher
Is é Pádraic Maher as Tiobraid Árann a bheidh faoi chaibidil sa chéad chlár den tsraith is deireanaí de Laochra Gael. Tá Pádraic Maher ar cheann de na hiománaithe is fearr a d'imir do Thiobraid Árann riamh, ceannaire a bhí ann agus ní raibh mórán leathchúlaí láir a bhí chomh maith leis. Chaith Pádraic a shaol ag iomáint agus dhírigh sé go huile agus go hiomlán ar an gcluiche. B'éigean dó éirí as de bharr gortú muiníl.