Roinn le Google Classroom
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, tuairisc faoi shiúinéir ar Inis Mór, amhrán le hOisín Mac, Colm Bó agus agallamh le Darren Ó Dubhgáin.
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar an gcaoi a leanann an aidiacht an t-ainmfhocal sa Ghaeilge. Tá tuairisc ansin faoi shiúinéir atá ag cruthú earraí lámhdhéanta as adhmad ar Inis Mór. Ina dhiaidh sin casann Oisín Mac an t-amhrán rap 'An Saol Rúnda' dúinn faoi chontúirtí na meán sóisialta. Castar Colm Bó orainn ansin a chuireann an dán 'An Ghealach' inár láthair. Ar deireadh cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Darren Ó Dubhgáin maidir le cursaí spóirt.