PLAIC 9
25:10
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, club dornálaíochta Chasla, amhrán leis an mbanna ceoil Spats Colombo, Colm Bó agus agallamh le Caoimhe Ní Chathail.
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar an gclásál coibhneasta sa Ghaeilge. Tá tuairisc ansin faoi chumann dornálaíochta i gCasla. Ina dhiaidh sin casann Spats Colombo an t-amhrán duairceach 'Faoiseamh'. Castar Colm Bó orainn ansin agus léirítear dúinn an dán 'Dán do Lara' le Micheál Ó hAirtnéide. Ar deireadh cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Chaoimhe Ní Chathail maidir le cursaí oibre agus caitheamh aimsire.
Spriocanna Foghlama:
Tuiscint níos buaine ar an ngramadach, scileanna cluastuiscine, tuiscint ar amhráin, foghrú na filíochta, tuiscint ar chursaí feirmeoireachta agus meáin shóisialta
Na hEochairfhocail:
Clásál coibhneasta, Díreach agus indíreach, Dornálaíocht, Spats Colombo, Lara, Caitheamh aimsire