Roinn le Google Classroom
San eipeasóid seo tá agallaimh le déagóirí na tíre, amhrán, cur síos ar 'An Cluiche Mór', scéal don Teastas Sóisearach, agallamh maidir leis an bhfostaíocht agus próifíl ar an bhfile Máirtín Ó Direáin.
Tosaíonn an eipeasóid seo le hagallaimh ó dhéagóirí ar fud na tíre ag cur réimse leathan tuairimí in iúl maidir leis an saol atá acu. Ansin castar 'Ag Críost an Síol'- an leagan a chuir Seán Ó Riada le ceol, amhrán faoi chéimeanna an tsaoil. Ina dhiaidh sin déantar cur síos ar an scéal 'An Cluiche Mór' ón tsraith shóisearach Ghaeilge trí ghiota beag aisteoireachta. Ansin cuireann Micheál Ó Ciaraidh agallamh ar Liam Óg maidir le cursaí fostaíochta, agus ar deireadh feicimid próifíl ar Mhairtín Ó Direáin, athair na nua-fhilíochta.