Roinn le Google Classroom
San eipeasóid seo tá barista na Gaeilge, tuairisc faoi shiopa chaifé, amhrán le Madelyn Monaghan, Colm Bó agus agallamh le Fiona Ní Fhlaithearta.
Tosaíonn an eipeasóid seo le barista na Gaeilge ag déanamh plé ar an riail 'uatha uatha, iolra iolra'. Ansin tá tuairisc faoi Bean sa Daingean, siopa chaifé le pónairí lámhrósta agus bród sa Ghaeilge. Ina dhiaidh sin casann Madelyn Monaghan amhrán álainn dúinn 'An Mhaighdean Mhara', amhrán a bhaineann le grá, brón agus máithreachas. Castar Colm Bó orainn ansin agus é ag caint faoina óige, déanann sé plé ar an dán 'Jeaic ar Scoil'. Ar deireadh déanann Micheál Ó Ciaraidh agallamh le Fiona Ní Fhlaithearta maidir leis an aimsir.