Margaret "Meg" Knight Connery: leacht nochtaithe ag uaigh an tsufraigéid i Reilg Chnocán Iorám i gCrois Araild i mBÁC.
Margaret "Meg" Knight Connery
Nuacht TG4
2:45
Fianaise faighte ag staraí i gCo Chiarraí a léiríonn gur sa chontae sin is túisce a cuireadh leagan do bhrat náisiúnta na hÉireann ar foluain.
Brat Náisiúnta na hÉireann
Nuacht TG4
2:34
Cothrom an lae inniu 60 bliain ó shin a feallmharaíodh Uachtarán na Stát Aontaithe John F Kennedy.
JFK
Nuacht TG4
2:20
Fógraíodh comhaontú stairiúil idir na páirtí ar fad a bhí páirteach i gcainteanna síochána i dTuaisceart Éireann.
#anláseo i 1998 - Comhaontú stairiúil fógartha i dTuaisceart Éireann
3:08
Dar leis an gComhairleoir Gobnait Ní Mhuimhneacháin, ba cheart “Timpeallán Chumann na mBan” a bhronnadh ar an timpeallán nua a togadh lasmuigh de Mhaigh Cromtha. Mhínigh sí do Mholscéal na cúiseanna ar fad gur chóir a leithéid a dhéanamh.
Timpeallán Chumann na mBan
3:23
D'oscail Eaglais Phreispitéireach Broadway ar Bóthar na bhFál i mBéal Feirste 130 bliain ó shin agus bhí sé bunaithe ansin go dtí mí Iúil 1982. Deich mbliana ina dhiaidh sin, cuireadh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar bun agus 30 bliain ina dhiaidh sin, tá siad ann go fóill. Tháinig pobal na bPreispitéireach agus pobal na Gaeilge i mBéal Feirste le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an nasc láidir sin.
Clog na Cultúrlainne
4:26
Osclaíodh Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin i mí Meithimh 2009. Tá an-suim agus spéis ag muintir na háite agus ag cuairteoirí i mbailiúchán príobháideach John Bhaba Jeaic atá ar taispeáint ann. Tá éagsúlacht iontach sa bhailiúchán seo - seanuirlisí gabha, feirmeoireachta, siúinéara agus cócaireachta ina measc.
Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin
3:00
Tuairisc nuachta faoi Bhanríon Shasana, Eilís II atá imithe ar shlí na fírinne. Bhí sí 96 bliain agus í ar an monarc is faide i réim riamh ina tír.
Nuacht TG4
Nuacht TG4
2:02
Tá Áras Uí Chonghaile suite cúpla céad slat ón áit a raibh Shéamuis Uí Chonghaile ina chónaí ar Bhóthar na bhFál. Tá taispeántas ann faoi shaol Shéamuis Uí Chonghaile ó rugadh é i nDún Éideann go dtí gur cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine 1916. Bhuail Molscéal isteach le labhairt le Clíodhna Nic Bhranair agus Séanna Breathnach faoin Áras agus faoin méid atá ar siúl acu.
Áras Uí Chonghaile
3:59
Bhí póilíní an RUC claonpháirteach le dílseoirí a dhúnmharaigh Caitlicigh i mBéal Feirste sna nóchaidí dár le tuarascáil nua ó Ombudsman na bPóilíní sa Tuaisceart
"Claonpháirteach le sceimhlitheoirí" - breith Ombudsman na bPóilíní ar an RUC i mBéal Feirste sna nóchaidí
1:56
50 bliain ó shin mharaigh Paratrúpaí Arm na Breataine 13 duine neamhchiontacha a bhí ag glacadh páirt i siúlóid cearta sibhialta i nDoire. Rinneadh comóradh ar an uafás le déanaí agus tháinig idir óg agus aosta le chéile le cuimhneamh orthu siúd a maraíodh agus a gortaíodh ar an lá sin. Labhair Molscéal le Gearóid Ó hEára a bhí i láthair ar an lá agus le Mary Delargy a bhí ina déagóir ag an am faoi na cuimhní atá acu ar an uafás a tharla.
Domhnach na Fola
5:40
Bhí comóradh speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an aistriú cumhachta agus an uair go hoifigiúil 100 bliain ó shin ar fágadh riaradh na 6 chontae is 20 faoi Shaorstát Éireann.
Comóradh i mBaile Átha Cliath ar bhunadh an saorstát 100 bliain ó shin
1:57
Clár ina gcaitear súil ar na hathruithe móra a thit amach in Éirinn idir 1956 agus 1964.
Éire ag Athrú
An Saol Nua
26:25
Mórchomóradh speisialta le déanamh an bhliain seo chugainn ar an luíochán marfach a rinneadh ar Mhicheál Ó Coileáin ag Béal na Blá
Mórchomóradh ag Beal na Blá
1:51
Idir traidisiún, saibhreas staire agus piseoga éagsúla, tá gach ní feicthe ag an láthair sheandálaíochta, Cathair na bhFionnúrach, agus é suite i gcroí Baile na bhFionnúrach le Cnoc Bhréanainn mar dhromchla daingean aige. Agus a shaol caite aige anseo, tá cuimhní cinn ag Seán Jim Pheig ar an mbaile agus na hathruithe ar fad atá feicthe sa cheantar thar na blianta. Chaitheamar an lá leis agus é ag labhairt faoina óige agus an tionchar a bhí ag an tógáil a bhfuair sé ar an mbaile ar a shaol.
Cathair na bhFionnúrach
2:54
Bhailigh slua istigh ar oileán Inis Bó Finne ar an 12 Meán Fómhair chun leac chuimhneacháin do na daoine a cailleadh ar an fharraige a nochtadh. Labhair muid lé Eamonn MacFhionnghaile, fear as an oileán a chaill a dheartháir féin, Denis MacFhionnghaile, i 1995.
Leac chuimhneacháin Inis Bó Finne
3:10
Tá ceangal láidir idir Oileán Ghabhla agus an tAsgard. Tugann Eddie Joe Mac Aoidh muid ar thuras thart ar an oileán chun an scéal a insint dúinn.
Gabhla agus an tAsgard - Eddie Joe Mac Aoidh
5:39
Céad bliain um an dtaca seo a tharla Luíochán Thuar Mhic Éadaigh faoi cheannas Bhriogáid Mhaigh Eo Theas den IRA ar an 3ú lá de Bhealtaine 1921. Tá an ócáid seo i gCogadh na Saoirse á thabhairt chun cuimhne ag Pobal Thuar Mhic Éadaigh.
Luíochán Thuar Mhic Éadaigh
5:39
Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, bhí breis is trí scór Óglach de Cholún Reatha nó 'Flying Column' ag feitheamh le saighdiúirí Shasana, na Auxies, a bhí ag cur fúthu i gCaisleán Mhaigh Chromtha.Tharla an luíochán stairiúil seo i gCúil na Cathrach i bparóiste Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí. Tá scéal an luíocháin á insint ag Cormac Ó hAodha, garmhac le hEoghan Ó Súilleabháin, an meaisínghunnadóir ó Chúil Aodha.
Scéal Luíochán Chúil na Cathrach
5:27
Tá duine de bhunaitheoirí na Gluaiseachta Cearta Sibhialta sa Tuaisceart Ivan Cooper tar éis bháis. Bhí sé 75 bliain d'aois agus bhí sé tinn le tamall. Bhí Ivan Cooper ag ceann na máirseála ar son cearta sibhialta i nDoire nuair a mharaigh Arm na Breataine cheithre dhuine dhéag Domhnach na Fola i 1972. Bhí baint mhór aige roimhe sin le máirseál cearta sibhialta eile sa chathair i mí Dheireadh Fómhair 1968 nuair a d'ionsaigh póilíní an RUC an slua. Bhronn Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins gradam speisialta ar Ivan Cooper anuraidh faoin ról a bhí aige sa mháirseáil chinniúnach sin. Bhí sé ar dhuine den bheagán Protastúnach sa Tuaisceart a ghlac páirt sa Ghluaiseacht Chearta Sibhialta. Toghadh Ivan Cooper ina fheisire i Stormont den chéad uair i 1969. I 1970, chuidigh sé le bunú an SDLP. Dúirt ceannaire SDLP Colum Eastwood inniu gur fear é Ivan Cooper a chuir in aghaidh na héagóra i gcaitheamh a shaoil.
Ceannródaí cearta sibhialta Ivan Cooper tar éis bháis
1:35
Forógra na Poblachta. Cuireadh forógra na Poblachta i gcló ar an 23ú Aibreán i 1916 i Halla na Saoirse.
Forógra na Poblachta
1:35