D'oscail Eaglais Phreispitéireach Broadway ar Bóthar na bhFál i mBéal Feirste 130 bliain ó shin agus bhí sé bunaithe ansin go dtí mí Iúil 1982. Deich mbliana ina dhiaidh sin, cuireadh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar bun agus 30 bliain ina dhiaidh sin, tá siad ann go fóill. Tháinig pobal na bPreispitéireach agus pobal na Gaeilge i mBéal Feirste le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an nasc láidir sin.