Ceannródaí cearta sibhialta Ivan Cooper tar éis bháis
1:35
Roinn le Google Classroom
Tá duine de bhunaitheoirí na Gluaiseachta Cearta Sibhialta sa Tuaisceart Ivan Cooper tar éis bháis. Bhí sé 75 bliain d'aois agus bhí sé tinn le tamall.
Bhí Ivan Cooper ag ceann na máirseála ar son cearta sibhialta i nDoire nuair a mharaigh Arm na Breataine cheithre dhuine dhéag Domhnach na Fola i 1972.
Bhí baint mhór aige roimhe sin le máirseál cearta sibhialta eile sa chathair i mí Dheireadh Fómhair 1968 nuair a d'ionsaigh póilíní an RUC an slua.
Bhronn Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins gradam speisialta ar Ivan Cooper anuraidh faoin ról a bhí aige sa mháirseáil chinniúnach sin.
Bhí sé ar dhuine den bheagán Protastúnach sa Tuaisceart a ghlac páirt sa Ghluaiseacht Chearta Sibhialta.
Toghadh Ivan Cooper ina fheisire i Stormont den chéad uair i 1969. I 1970, chuidigh sé le bunú an SDLP.
Dúirt ceannaire SDLP Colum Eastwood inniu gur fear é Ivan Cooper a chuir in aghaidh na héagóra i gcaitheamh a shaoil.