50 bliain ó shin mharaigh Paratrúpaí Arm na Breataine 13 duine neamhchiontacha a bhí ag glacadh páirt i siúlóid cearta sibhialta i nDoire. Rinneadh comóradh ar an uafás le déanaí agus tháinig idir óg agus aosta le chéile le cuimhneamh orthu siúd a maraíodh agus a gortaíodh ar an lá sin.
Labhair Molscéal le Gearóid Ó hEára a bhí i láthair ar an lá agus le Mary Delargy a bhí ina déagóir ag an am faoi na cuimhní atá acu ar an uafás a tharla.