Scéalta Reatha - Molscéal
Ghlac fiontraithe óga ó scoileanna Gaeltachta ar fud Chúige Mumhan páirt i gClár na gComhlachtaí in Óstán Ghobnatan i mBaile Mhúirne le déanaí, comórtas atá á rith ag Junior Achievement Ireland agus Údarás na Gaeltachta. Bhí táirgí agus gnólachtaí iontacha nuálacha le feiscint ó gach grúpa agus ardmholadh tuilte acu. Comhghairdeas leo go léir!
Clár na gComhlachtaí
3:19
D’eagraigh Cumann Gaelach & Teach na Gaeilge UCD ceolchoirm Féile na Fuaime - ceiliúradh na Gaeilge trí mheán an cheoil. Bhí scoth na gceoltóirí i láthair le Burnchurch, Sibéal agus An Chéad Ghlúin Eile ina measc.
Féile na Fuaime
2:48
Tá an cleachtadh déanta agus tá scoláirí na hIdirbhliana i Scoil Chuimsitheach Chiaráin réidh le dul ar stáitse leis an gceoldráma 'Popstars' an deireadh seachtaine seo, 13/14/15 Márta. Ceannaigh do thicéad sa scoil sula mbíonn siad ar fad díolta!
Ceoldráma ‘Popstars’ na hIdirbhliana
3:26
Is comhlacht teaghlaigh é Errigal Brewing atá déanta faoi scáth na hEaragaile i nGaeltacht Dhún na nGall. Ta Óir, Rua, Dubh, Bán, Saor agus APA a chrúthú acu sa ghrúdlann. Seo scéal s’acu.
Tá an Craic sna Cnoic
3:28
Rinne an stáisiún Raidió Rí-Rá seoladh ar a spás nua i Fumbally Exchange i mBaile Átha Cliath le déanaí. Bhí craoltóirí agus cairde den stáisiún i láthair.
Raidió Rí-Rá
3:32
D'éirigh le foireann sacar Phobalscoil Ghaoth Dobhair Craobh na hÉireann a thabhairt leo den dara huair le gairid tar éis dóibh na blianta a chaitheamh ag traenáil le chéile.
Seaimpíní na hÉireann - Pobalscoil Ghaoth Dobhair
5:02
Tá lucht na hIdirbhliana i gColáiste Ghobnatan i mBaile Mhúirne ag cur ranganna teicneolaíochta ar fáil do dhaoine aosta an cheantair le cúpla seachtaine anuas. Tá na héinne des na rannpháirtithe ag baint an-thaitneamh as an dtogra dearfach seo agus iad ag éirí níos muiníní i dtreo teicneolaíochta rang ar rang!
Ag Foghlaim le Chéile
2:31
Tá pobal na Ceathrún Rua ag tabhairt a n-aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh amárach agus CLG An Cheathrú Rua i gCluiche Ceannais na hÉireann don chéad uair. Tá idir óg agus aosta ag tnúth leis an lá mór agus ag súil le cur le stair pheile an chumainn.
CLG An Cheathrú Rua
6:52
Sheol Daniel O’Donnell leabhar de chuid Seán Ó Baoill faoi shábháilteacht i nGairmscoil Mhic Diarmada. Tá an t-airgead ar fad a bhailítear ag dul chuig Cumann Siondróm Down Dhún na nGall. Rinne Seán agus Máistreás Uí Bhraonáin obair mhór leis an leabhar seo a chur i gcló agus bhí lá mór acu leis an obair chrua sin a cheiliúradh.
Seoladh Leabhar Sábháilteachta
4:21
Bailíonn muintir Bhéal Áthá’n Ghaorthaidh le chéile i Scoil Mhuire na haon seachtain ag cócaireacht, ag fuáil agus ag adhmadóireacht! Chaitheamar tráthnóna leo le déanaí agus iad ag baint sárthaitneamh as an gcomhluadar agus an chraic!
Ranganna Adhmadóireacht
2:53
Tá cór lán-Ghaelach nua bunaithe i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a bhuaileann le chéile go rialta.
As Béal a Chéile
3:24
Ag Féile na Carraige i mbliana cuireadh fáilte roimh phobal nua Bhéal Feirste. Bhí ceardlann ar chultúr na hÉireann, ceol agus damhsa áitiúil mar chuid don ócáid.
Féile na Carraige
3:41
Bronnadh aitheantas Molscéal 'Laochra an Phobail' ar fhear uasail Ráth Chairn Glas na Mí. Chaith Pádraic a shaol uilig ag cur an teanga chun cinn ina cheantar áitiúil.
Pádraic Mac Donncha - Laoch an Phobail
3:52
Tá comhlacht rialú aerthráchta na hÉireann AirNav sa tóir ar fhostaithe nua faoi láthair. An dóigh leat go bhfuil tú oiriúnach don chineál oibre seo? Déan iarratas ag https://www.airnav.ie/careers/current-vacancies
AirNav na hÉireann
3:17
Is pearsa lárnach é Bob Quinn i scannánaíocht na hÉireann, go háirithe as an mbéim a chuir sé ar dhaoine, ar thírdhreacha agus ar thraidisiúin Iarthar na hÉireann. Beidh a scannán 'Poitín' a bhain clú agus cáil amach le feiceáil ar TG4 ar an 29ú Nollaig agus thugamar cuairt ar Bhob le dul ar bhóithrín na smaointe leis maidir leis an scannán.
An Scannánóir Clúiteach
4:58
Thug Daidí na Nollag cuairt ar Mhargadh na Nollag i gCill na Martra le déanaí, áit ina raibh fiontraithe óga na háite bailithe le chéile ag díol féiríní de gach saghas le haghaidh na Nollag! 🎄🎅 Bail ó Dhia ar an óige!
Tosach na Nollag i gCill na Martra
3:00
Cuireadh fáilte abhaile go hIndreabhán roimh sheaimpín liathróid láimhe an domhain, Ciana Ní Churraoin. Bhí sé ina cheiliúradh i gCois Fharraige!
Ciana Ní Churraoin
3:14
Agus an scoilbhliain ag dul ar aghaidh tá páistí na nDéise ag freastal ar ranganna ceoil na laethanta seo agus an-dúil léirithe acu iontu.
Ceoltóirí Óga na nDéise
4:27
Chríochnaigh an grúpa mac léinn is déanaí an scéim bhliantúil an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus bronnadh teastais orthu i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.
Lá Ceiliúrtha na nOiliúnaithe
4:24
Gach bliain bailíonn daoine chun siúl thar seacht lá, chun airgead a bhailiú do Cancer Care West, shiúil na céadta daoine ó Chionn Mhálanna go dtí Sliabh Liag thar an tseachtain.
Camino Dhún na nGall
4:18
Bhunaigh na bitheolaithe mara David agus Cat an Sea Collective os cionn dhá bhliain ó shin. Reáchtálann siad ranganna agus ceardlanna faoin bhfarraige agus faoi shaol na farraige.
Meitheal na Mara
4:41
Cuireadh an dráma nua Gaeilge ‘CRÁ’ os comhair an phobail don chéad uair le déanaí in Amharclann Ghaoth Dobhair. Beidh sé le feiceáil ar TG4 gach Luain ag 9.30 ..bígí ag faire 👀 nó is féidir é a fheiceáil ar fad ag an nasc seo https://nasc.tg4.tv/CRÁ
CRÁ
3:01
D’eagraigh pobal Thuar Mhic Éadaigh Lá Mór na Gaeilge le blitz peile, damhsa, péinteáil aghaidheanna agus go leor spraoi!
Lá Mór na Gaeilge
3:14
Mar pháirt d’Fhéile Ealaíne na hEaragaile, chur Breandán de Gallaí agus roinnt damhsóirí a oibríonn leis saothar damhsa le chéile ar Oileán Ghabhla.
Fág do Lorg Ná Fág Lorg
4:20
Bhí ceolchoirm ar siúl ag na Hothouse Flowers i Stiúideo Cuan mar chuid de shraith ceolchoirmeacha a bhí ar siúl sa Stiúideo le déanaí. Tá na Hothouse Flowers ag casadh ceoil le chéile ó bunaíodh an grúpa i 1985.
Hothouse Flowers
3:56
Eagraíodh Iomra go hInis Mór as Leitir Mealláin le hairgead a bhailiú don charthanacht Cancer Care West.
Iomra go hInis Mór
6:01
Reáchtáladh campa samhradh ríomhaireachta i dTír an Fhia i rith an tSamhraidh seo. Bhí éileamh air i measc daoine óga atá suim acu i gcúrsaí códála, eagarthóireachta agus teic go ginearálta.
Campa Ríomhaireachta
3:02
Oibríonn Mark Ó Coigligh mar treoraí turais ar bhusanna i mBaile Átha Cliath agus is minic a phléann sé an nasc speisialta idir muintir na hÉireann agus daoine ón bpobal Choctaw. Bhuail sé le bean a bhfuil nasc aici leis an bpobal speisial sin.
Na Choctaws
2:12
Tháinig dea-scéala do phaistí na bunscoileanna Gaeltachta sa Iarthuaiscirt go mbeadh seirbhís ceart bus ar fáil dóibh as seo amach chun cinntiú go mbeidh siad in ann leanúint lena gcuid Oideachais Meanleibheál tré mheán na gaeilge agus córas iompair agus turas taobh istigh de am réasunta ar fail dóibh as seo amach. chuaigh Molscéal ar turas leo!
Coláiste Ailigh - Bus Scoile Úr
4:21
Bhí ócáid mhór sa Charn, i nDoire le deireanas agus iad ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód. D'óstáil iad an taispeántas 'Carnlann' inar léiríodh an méid atá curtha i gcrích acu sa Ghaeloideachas, i gcúrsaí dúlra agus oidhreachta, agus sa phobal thart orthu. Bhí Molscéal ann leis an gceiliúradh de 30 bliain ag fás agus ag forbairt a thaifead.
An Carn - 30 bliain ag fás
4:32
Chuaigh beirt bhádóir atá ag tarraingt ar 80 bliain d’aois in iomaíocht rás iomara agus rothair, iad ag taispeáint go bhfuileadar fhéin chomh h-aclaí is atá dreám óg an lae inniu!
Óg go Deo
6:25
Tá maoiniú á chur ar fáil le feabhas a chur ar an ráta fuinnimhe i do theach más i gceantar Chonamara atá tú lonnaithe.
Comhairleoir Fuinnimhe
3:26
Tá craic, comhrá agus cairdeas le fáil uair sa seachtain nuair a thagann pobal Fhál Charraigh agus an Úcráin le chéile chun páirt a ghlacadh i gciorcáil comhrá agus cairdeas chun aithne a chur chéile agus chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
Pobail le Chéile
4:13
Tá forbairt déanta ar chosáin Shliabh Liag san áit a bhfuil na h-aillte is airde in Éirinn. Tugadh ingearán agus neart oibrithe cois aill chun na cosáin a bheith ullamh do thurasóirí an tsamhraidh, agus éascaíocht acu ar sásamh a bhaint as na radharcanna iontacha atá amach ar an toiscinn mhór acu.
An Chéad Chéim Eile
4:36
Eagraíodh an Fhéile Bheag don cheathrú bliain ar champas Ollscoil Mhá Nuad le ceol, amhránaíocht agus damhsa a roinnt le pobal na háite. Bhí ceardlann amhránaíochta, siúlóid amhránaíochta agus picnic bheag ar siúl i measc imeachtaí an lae.
An Fhéile Bheag
2:44
Bhailigh scoileanna na tíre le chéile i gColáiste Mhuire Gan Smál le Gaelbhratach s'acu a bhailiú ar son na hobire uilig a rinne siad i rith na bliana.
Gaelbhratach
3:33
Bhí bigil eagraithe ar fud na tíre an tseachtain seo chaite i gcuimhne ar na páistí atá maraithe i nGaza le roinnt míonna anuas. Bhailigh pobal Chonamara le chéile i bpáirc spraoi Coláiste Chonnacht le ceol a chasadh, amhráin a cheol agus coinnle a lasadh ar son páistí na Palaistíne.
Gaeil ar son Gaza
3:12
#anláseo i 2002 Rúidbhealach d`eitleáin le tógáil ar Thoraigh Rúidbhealach d'eitleáin le tógáil ar Thoraigh i nDún na nGall.
#anláseo i 2002 Rúidbhealach d`eitleáin le tógáil ar Thoraigh
1:56
Naoínra úr - Scoil an Choimín Thug Molscéal cuairt ar Scoil Naisiúnta an Choimín ar lá speisialta don scoil agus iad ag ceiliúradh oscailt naoínra nua. Ba Lá Domhanda na Leabhar a bhí ann fosta. Léim isteach i saol draoíchtúil na litríochta leis na paistí beaga gléasta suas mar na caractair leabhar ab fearr leo.
Naoínra úr - Scoil an Choimín
4:45
Bhí seó faisin ag Scoil Cholmcille Ros a' Mhíl le hairgead a bhailiú don síneadh gur mian leo a chur leis an scoil. Bhi iarscolairí Éabha Nic Dhonncha a imríonn rugbaí d'Éireann agus Rós na Gaillimhe Deirdre Jennings i láthair le tacaíocht a thaispeáint.
Seó Faisin
3:28
Labhair Molscéal le lucht tacaíochta chluichí leathcheannais sinsir na bhfear inniu chun ainmniúchán den fhear is breátha atá acu a fháil! Beidh pobalbhreith in airde ar Instagram Molscéal go luath le do vóta a chaitheamh! Cé acu a bheas an bua? Tommy Kelly - Naomh Anna Alen Ó Laigheanáin - Bhulf Tón Marcus Mac Suibhne- Cill Chartha Dan Ó Duinnín - Cill na Martra
Cassanova CPnaG
2:09
Tá obair na gcapall á déanamh ag muintir Chill na Martra agus iad ag fáil réidh don chomórtas Peile na Gaeltachta 2024. Chaith Molscéal an mhaidin leo.
Ag fáil réidh don chomórtas
3:04
Cloisfear meascán de ghuthanna na Gaeilge sa chéad sraith eile de 'Aistí ón Aer', a chraolfar ar Raidió na Gaeltachta an samhradh seo, arna léiriú ag Marcus Mac Conghail. Is aistí raidió nua-scríofa i nGaeilge atá bailithe ag Marcus agus chuige sin bhí sé ar chuairt go dtí an Rinn le déanaí chun bualadh le duine nó beirt a bhí réidh taifeadadh a dhéanamh leis. Ó thaobh ábhair agus stíle de, níl teora leis an sraith ina gclúdaítear ficsean, cuimhní óige, cúiseanna agóide, aistí staire, píosaí focal labhartha, faisean, ealaín, ailtireacht, ceol agus go leor eile.
Marcus ar Chuairt
3:46
Tá 30 bliain den Dámh Chruinne Éireann á cheiliúradh ag Ollscoil Luimnigh i mbliana. Bíonn taithí praicticiúil agus teoiriciúil ag na mic léinn agus iad i mbun céime a bhaint amach ag an Acadamh.
Dámh Chruinne Éireann - Mic Léinn
3:34
Is iontach an rud é go raibh deis ag daltaí scoile Mhúscraí a bheith páirteach ina gComórtas Peile na Gaeltachta féin i mBaile Mhúirne, agus bhí Molscéal leo.
Comórtas Peile na hÓige
3:06
Tá méadú mór ar an líon cailíní a n-éiríonn as spórt sa chéad bhliain nó dhara bliain sa mheánscoil agus spreag seo an Roinn Chamógaíochta Chairbre lá camógaíochta sóisialta & spraíúil a eagrú i gCloch na gCoillte. Bhí Molscéal ann.
Cailíní a mhealladh chun spóirt!
3:05
Tá daltaí ón idirbhliain i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad ag cur ceoldráma 'WeWill Rock You' ar siúl anocht agus oíche amárach. Tá ticéid ar fáil anseo: https://www.gr8events.ie/sales/index.php?event=1627 Ná cailligí amach!
We Will Rock You
3:59
Tá leabhar úr foilsithe ag Cathal Póirtéir ar chuid an-suimiúil de stair Ghaoth Dobhair ag díriú ar an chaidreamh casta a bhí ag muintir na háite le héifeachtaí an choilínithe ar an cheantar agus go háirithe, an Tiarna George Hill. Is 'An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair" teideal an leabhar agus chuaigh Molscéal chuig an seoladh agus ar turas le Noel Ó Gallchóir thart ar na suíomhanna is mó a leag an Tiarna George Hill a lámh orthu.
An Tiarna Lord George Hill
4:25
Tá cúrsa scileanna raidió agus podchraolta eagraithe ag Glór na nOileán le blas a thabhairt do dhaltaí meánscoile den earnáil seo. Tá deiseanna fostaíochta in ann dóibh amach anseo sna meáin!
Cúrsa Scileanna Raidió
3:15
Bhuaigh an ghrúpa 'Binneas' ó Chontae an Chláir Siansa anuraidh faoi stiúr Killian Shannon. Beidh ceolchoirm acu anocht an 5ú Aibreán i gCois na hAbhna in Inis, Co. an Chláir.
Binneas - Buaiteoirí Siansa 2023
3:11
Tá Subbuteo, cluiche atá os cionn 80 bliain d'aois á imirt go dtí an lá atá inniu ann. Bhí Molscéal i nDún na nGall leis an chéad bhabhta do Craobh Na hÉireann, Subbuteo 2024 a thaifead.
Subutteo
3:53
Ar theacht ó Bhaile Bhúirne go dtí an Cheathrú Cheanainn Dhún na nGall, thosaigh an t-ealaíontóir Ger Roach a gnó féin ag déánamh lampaí dá ealaín. Chaith Molscéal an lá léi ag foghlaim an cheird!
Lampa De Róiste
3:31
Bhí an aimsir fhliuch ach níor chuir sé sin isteach nó amach ar muintir Bhaile Mhúirne agus iad ag siúl go dtí uaigh Naomh Abán chun ceiliúradh a dhéanamh. Bhí Molscéal leo.
Siúlóid Naomh Abán
3:46
Tháinig teaghlaigh ó Lár Uladh le chéile chun cuairt a thabhairt ar phláinéadlann Ard Mhacha! Lá lán le foghlaim agus spraoi a bhí ann agus d'fhoghlaim siad faoi roicéad, spás, an ghealach agus an spás rás.
Céim Bheag Amháin
3:38
Tá am agus iarracht tugtha ag iománaithe na Gaillimhe don charthannacht 'Hand in Hand', a thugann tacaíocht do chlainne a bhfuil ailse ar ghasúr leo. Chuaigh foireann an chontae iad i gcomhluadar an dreám óg arbh iad na laochra acu foireann an chontae ar Pháirc an Phiarsaigh chun cabhair a thabhairt don bhailiúchán airgid an chathrannacht.
Lámh i Lámh
3:22
Tá an chéad naíonra Gaeltachta faoin aer oscailte igCamus mar chuid de Scoil na Maighdine Muire gan Smál. Foghlaimíonn na páistí i dtimpeallacht nádúrtha cuma cén aimsir!
Naíonra Chamuis
3:15
Tá sprioc ag an déagóir Cathal Ó Loingsigh ar son foireann na hÉireann i gcispheil. Caith Molscéal tráthnóna leis ag traenáil in éineacht le Rebel Wheelers.
Rebel Wheelers
2:55
Tá mianach ‘bikers’ faoi leith ar an gCeathrú Rua, agus iad ag réiteach chun caint a tharraingt ar an mbaile is iad i bParáid Lá Fhéile Pádraig. Beidh deatach agus torann ag Marcas agus ag Aonghus ar an Domhnach má éiríonn leo na meaisíní a bheith curtha ag obair acu!
Bikers
2:35
D’eagraidh Ealaín na Gaeltachta deireadh seachtaine iontach maith chun traenáil a chuir ar fáil do dhaoine ar spéis leo a bheith ina n-áisitheoirí drámaíochta. Bhí leas ag múinteoirí bunscoile, meánscoile agus lucht ollscoile as comhairle agus saineolas Dhiarmuid de Faoite i dTeach Bhréachmhaigh i gCo. Mhaigh Eo.
Cúrsa Oiliúna d'Áisitheoirí Drámaíochta
3:41
Bhí lá mór ag Pobalscoil Ghaoth Dohbair ag ceiliúradh 50 bliain. Bhailigh iarscoláirí agus múinteoirí le chéile chun lá stairiúil a chomóradh.
Pobalscoil Ghaoth Dobhair ag Ceiliúradh 50 Bliain
4:22
Ócáid eagraithe ag pobal ceoil na Ceathrún Rua le hAirgead a bhailiú dá gCara atá buailte tinn.
Seisiún do Vince
3:25