Bunleibhéal
Meánleibhéal
Ardleibhéal
SIAR
Ranganna Adhmadóireacht
2:53
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Bailíonn muintir Bhéal Áthá’n Ghaorthaidh le chéile i Scoil Mhuire na haon seachtain ag cócaireacht, ag fuáil agus ag adhmadóireacht! Chaitheamar tráthnóna leo le déanaí agus iad ag baint sárthaitneamh as an gcomhluadar agus an chraic!
Ceachtanna lena mbaineann
Clár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Choláiste na Sáiléiseach i gCill Dara ag tabhairt aghaidh ar Ardscoil Naomh Louis, Baile Átha Cliath sa gclár seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
Slé Anois go Cúramach
Clár 4
24:53
An chéad chlár tráth na gceist do dhéagóirí i nGaeilge! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Mheánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Páirc Chaisleán Dhumhach Thrá ag tabhairt aghaidh ar dhaltaí ó Choláiste Mhuire Droichead Átha sa gclár seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
Slé Anois go Cúramach
Clár 3
24:30
Is é Slé Anois go Cúramach an chéad chlár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Scoil Pháirc Shruth na gCloch i mBaile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar Phobalscoil na Gráinsí i Loch Garman an tseachtain seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
Slé Anois go Cúramach
Clár 2
25:03
Is é Slé Anois go Cúramach an chéad chlár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Choláiste Marist i mBaile Átha Luain ag tabhairt aghaidh ar Scoil Mhuire Bhun Cranncha sa gclár seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
Slé Anois go Cúramach
Clár 1
24:32
Rinne oscailt oifigiúil ar Gaelcholáiste Dhún Dealgan i mí Mheán Fómhair. Bhailigh an pobal le chéile don ócáid mhór i gContae Lú agus bhí Molscéal ann chun níos mó a fháil amach faoin nGaelcholáiste nua.
Gaelcholáiste Úr Dún Dealgan
3:35
Tá ról tábhachtach ag Brussels GAA i saol an diaspóra Éireannaí sa Bhruiséil agus bhí Molscéal i láthair le déanaí chun seisiún traenála speisialta a thaifeadadh. Tá an club ag feidhmiú le beagnach 20 bliain anois agus tá an pobal ag fás, an spórt ag neartú, agus an nasc le hÉirinn níos láidre ná riamh.
An Bhruiséil
3:22
Cuireadh tús le Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin i mBéal Feirste i mbliana i gcuimhne ar Ghearóid Ó Cairealláin, gníomhaí ar son na Gaeilge agus a raibh cáil air toisc an ról lárnach a bhí aige i gcúrsaí na Gaeilge i mBéal Feirste. Bhailigh a chlann agus a chairde i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich le ceiliúradh a dhéanamh air.
Scoil Gheimhridh Ghearóid Ó Cairealláin
3:47
Seoladh ‘OneClub’ ag Cumann Peile Naomh Abán i mBaile Mhúirne le déanaí. Eagraíodh lá spraoi iontach chun an ócáid a cheiliúradh, agus bhain gach duine taitneamh as!
Lá Spraoi ‘One Club’ Naomh Abán
2:55
Bhí SULT ar siúl i nGaoth Dobhair don ochtú bliain, ag mealladh na sluaite le Tinchy Stryder agus The Stunning. Tugadh ardán freisin do bhannaí áitiúla ar nós Na Trí Piontaí, Bainne agus Hannah B, a labhair le Molscéal ag an bhféile.
SULT 2025
5:07
Reáchtáladh Aistear na nGael don tríú bliain as a chéile i mbliana – campa ar thug déagóirí ó Ghaeltachtaí ar fud na tíre aghaidh ar Cheantar na nOileán, chun seachtain den chéad scoth a chaitheamh i gcomhluadar a chéile.
Aistear na nGael
3:43