Bunleibhéal
Meánleibhéal
Ardleibhéal
SIAR
AirNav na hÉireann
3:17
Roinn le Google Classroom
SÁBHÁIL
0
Tá comhlacht rialú aerthráchta na hÉireann AirNav sa tóir ar fhostaithe nua faoi láthair. An dóigh leat go bhfuil tú oiriúnach don chineál oibre seo? Déan iarratas ag https://www.airnav.ie/careers/current-vacancies
Ceachtanna lena mbaineann
Cuireadh an dara Fleadh Cheoil Dhún na nGall ar siúl ar an Chlochán Léith i mbliana. Ba deireadh seachtaine lán de chultúr agus traidisiún - amhránaíocht, damhsa, drámaíocht agus neart eile. Deireadh seachtaine den chéad scoth a bhí ann, a mheall daoine ó gach choirnéal den chontae.
Fleadh Cheoil Dhún na nGall
3:53
Tá suíomh nua logainmneacha beo ag Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla. Is féidir le gach duine rochtain a fháil ar logainmneacha Acla agus an t-eolas a bhaineann leo anseo https://acaill.com/logainmneacha/
Logainmneacha Acla
3:28
Thug daltaí ó Ghaelscoil Thomáis Dáibhís cuairt ar Ghuagán Barra le déanaí, áit ar ghlac siad páirt i dtreodóireacht le Orienteering Ireland i dteannta a gcomhscoláirí ó Scoil Fhionnbarra, Béal Átha'n Ghaorthaidh. Lá iontach a bhí acu, lán le spraoi agus cairdeas!
Turas Treodóireachta
2:23
D'oscail Róisín Nic Ruairí, captaen fhoireann Dhún na nGall, seastán úr páirc CLG Naomh Muire le gairid agus ba lá stairiúil a bhí ann don gcumann. Ba mhór an onóir do Róisín go raibh mná Dhún na nGall ag dul chun páirce don chéad uair ina cumann áitiúil.
Seastán Úr
3:14
Bhí ranganna agus imeachtaí Gaeilge ar siúl sa Glen Park Estate san Ómaigh le linn Seachtain na Gaeilge. Bhí craic, ceol, scéalaíocht, sean-nós , yoga, ealaín agus neart eile sa ghleann thar an deireadh seachtaine.
Gaeltacht sa Bhaile
3:43
Ghlac fiontraithe óga ó scoileanna Gaeltachta ar fud Chúige Mumhan páirt i gClár na gComhlachtaí in Óstán Ghobnatan i mBaile Mhúirne le déanaí, comórtas atá á rith ag Junior Achievement Ireland agus Údarás na Gaeltachta. Bhí táirgí agus gnólachtaí iontacha nuálacha le feiscint ó gach grúpa agus ardmholadh tuilte acu. Comhghairdeas leo go léir!
Clár na gComhlachtaí
3:19
D’eagraigh Cumann Gaelach & Teach na Gaeilge UCD ceolchoirm Féile na Fuaime - ceiliúradh na Gaeilge trí mheán an cheoil. Bhí scoth na gceoltóirí i láthair le Burnchurch, Sibéal agus An Chéad Ghlúin Eile ina measc.
Féile na Fuaime
2:48
Tá an cleachtadh déanta agus tá scoláirí na hIdirbhliana i Scoil Chuimsitheach Chiaráin réidh le dul ar stáitse leis an gceoldráma 'Popstars' an deireadh seachtaine seo, 13/14/15 Márta. Ceannaigh do thicéad sa scoil sula mbíonn siad ar fad díolta!
Ceoldráma ‘Popstars’ na hIdirbhliana
3:26
Is comhlacht teaghlaigh é Errigal Brewing atá déanta faoi scáth na hEaragaile i nGaeltacht Dhún na nGall. Ta Óir, Rua, Dubh, Bán, Saor agus APA a chrúthú acu sa ghrúdlann. Seo scéal s’acu.
Tá an Craic sna Cnoic
3:28
Rinne an stáisiún Raidió Rí-Rá seoladh ar a spás nua i Fumbally Exchange i mBaile Átha Cliath le déanaí. Bhí craoltóirí agus cairde den stáisiún i láthair.
Raidió Rí-Rá
3:32