Bunleibhéal
Meánleibhéal
Ardleibhéal
SIAR
Ceoltóirí Óga na nDéise
4:27
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Agus an scoilbhliain ag dul ar aghaidh tá páistí na nDéise ag freastal ar ranganna ceoil na laethanta seo agus an-dúil léirithe acu iontu.
Ceachtanna lena mbaineann
Seoladh ‘OneClub’ ag Cumann Peile Naomh Abán i mBaile Mhúirne le déanaí. Eagraíodh lá spraoi iontach chun an ócáid a cheiliúradh, agus bhain gach duine taitneamh as!
Lá Spraoi ‘One Club’ Naomh Abán
2:55
Bhí SULT ar siúl i nGaoth Dobhair don ochtú bliain, ag mealladh na sluaite le Tinchy Stryder agus The Stunning. Tugadh ardán freisin do bhannaí áitiúla ar nós Na Trí Piontaí, Bainne agus Hannah B, a labhair le Molscéal ag an bhféile.
SULT 2025
5:07
Reáchtáladh Aistear na nGael don tríú bliain as a chéile i mbliana – campa ar thug déagóirí ó Ghaeltachtaí ar fud na tíre aghaidh ar Cheantar na nOileán, chun seachtain den chéad scoth a chaitheamh i gcomhluadar a chéile.
Aistear na nGael
3:43
Cuireadh an dara Fleadh Cheoil Dhún na nGall ar siúl ar an Chlochán Léith i mbliana. Ba deireadh seachtaine lán de chultúr agus traidisiún - amhránaíocht, damhsa, drámaíocht agus neart eile. Deireadh seachtaine den chéad scoth a bhí ann, a mheall daoine ó gach choirnéal den chontae.
Fleadh Cheoil Dhún na nGall
3:53
Tá suíomh nua logainmneacha beo ag Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla. Is féidir le gach duine rochtain a fháil ar logainmneacha Acla agus an t-eolas a bhaineann leo anseo https://acaill.com/logainmneacha/
Logainmneacha Acla
3:28
Thug daltaí ó Ghaelscoil Thomáis Dáibhís cuairt ar Ghuagán Barra le déanaí, áit ar ghlac siad páirt i dtreodóireacht le Orienteering Ireland i dteannta a gcomhscoláirí ó Scoil Fhionnbarra, Béal Átha'n Ghaorthaidh. Lá iontach a bhí acu, lán le spraoi agus cairdeas!
Turas Treodóireachta
2:23
D'oscail Róisín Nic Ruairí, captaen fhoireann Dhún na nGall, seastán úr páirc CLG Naomh Muire le gairid agus ba lá stairiúil a bhí ann don gcumann. Ba mhór an onóir do Róisín go raibh mná Dhún na nGall ag dul chun páirce don chéad uair ina cumann áitiúil.
Seastán Úr
3:14
Bhí ranganna agus imeachtaí Gaeilge ar siúl sa Glen Park Estate san Ómaigh le linn Seachtain na Gaeilge. Bhí craic, ceol, scéalaíocht, sean-nós , yoga, ealaín agus neart eile sa ghleann thar an deireadh seachtaine.
Gaeltacht sa Bhaile
3:43
Ghlac fiontraithe óga ó scoileanna Gaeltachta ar fud Chúige Mumhan páirt i gClár na gComhlachtaí in Óstán Ghobnatan i mBaile Mhúirne le déanaí, comórtas atá á rith ag Junior Achievement Ireland agus Údarás na Gaeltachta. Bhí táirgí agus gnólachtaí iontacha nuálacha le feiscint ó gach grúpa agus ardmholadh tuilte acu. Comhghairdeas leo go léir!
Clár na gComhlachtaí
3:19
D’eagraigh Cumann Gaelach & Teach na Gaeilge UCD ceolchoirm Féile na Fuaime - ceiliúradh na Gaeilge trí mheán an cheoil. Bhí scoth na gceoltóirí i láthair le Burnchurch, Sibéal agus An Chéad Ghlúin Eile ina measc.
Féile na Fuaime
2:48