Leis an chleachtadh sacair Leaisteanna Liathróide a imirt, úsáidtear ceithre chón leis an spás a mharcáil agus cuirtear imreoirí i ndá fhoireann. Bíonn a liathróid féin ag gach imreoir. Is é an sprioc atá ann ná leaist a chur ar imreoirí ón fhoireann eile trí bhuille beag a chur ar liathróid s’acu le do cheann féin. Déanann na himreoirí malartú ag coinneáil cuntais le go dtig leo a gcuid scóranna féin a bhualadh an chéad uair eile a bhíonn siad ar an ion bhuillí na dtosaithe. Na rudaí is tábhachtaí ná an liathróid a choinneáil cóngarach, an dá chos a úsáid le druibleáil, agus tuiscint a bheith agat ar gach rud atá thart ort.