Is cluiche ionsamhlaithe é Sacar Leathchúirte. Tá sé ann le cuidiú le himreoirí tuiscint ar an chluiche, seasamh agus obair foirne a fheabhsú.
Spriocanna Foghlama:
Cuidíonn an cleachtadh seo le himreoirí óga feasacht theaicticiúil, an cruinneas pasála agus scileanna cosanta s’acu a fheabhsú. Tógann sé muinín s’acu agus coinníonn sé páirteach iad. Craic ar dóigh atá ann fosta agus déanann sé aithris ar chluichí cearta.
Na hEochairfhocail:
Cruinneas, Pásáil, Cosaint,Tuiscint ar an chluiche, Seasamh, Obair Foirne.