SNAS TV - ROS NA RÚN
Ní bhíonn sé éasca slán a fhágáil ag daoine, agus is minic a theipeann an chaint orainn. San fhíseán seo, caithfidh muid spotsolas ar scileanna teanga agus frásaí úsáideacha chun cuidiú leat slán a fhágáil ag daoine a bhfuil cion agus meas agat orthu
Ceacht 15 Ag fágail slán ag daoine
Ros na Rún 2
8:16
Marcóirí dioscúrsa a thugtar ar na focail agus na frásaí beaga simplí a úsáideann muid i gcomhráite nádúrtha chun an chumarsáid a bhainistiú. San fhíseán seo, pléifidh muid cuid de na focail agus frásaí beaga fíorúsáideacha sin.
Ceacht 14 - Dhera sure - marcóirí dioscúrsa
Ros na Rún 2
10:05
Is gné lárnach de shaol na hoibre an cruinniú foirmiúil agus bíonn nathanna cainte agus réim theanga faoi leith ag baint leis. San fhíseán seo, caithfidh muid spotsolas ar chuid den teanga sin.
Ceacht 13 - ag freastal ar chruinniú
Ros na Rún 2
8:22
Tá difear ar ndóigh idir an cineál teanga a úsáideann muid leis an bpríomhoide agus a úsáideann muid le cairde nó gaolta linn. San fhíseán seo, caithfidh muid spotsolas ar an ardréim theanga sin a úsáidtear i gcomhráite foirmiúla.
Ceacht 12 - i dtrioblóid leis an bpríomhoide - ardréim theanga
Ros na Rún 2
7:37
Is í an aimsir chaite a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an am atá thart. San fhíseán seo, pléifidh muid an teanga a úsáidtear agus muid ag caint faoin am a chuaigh thart.
Ceacht 11 - Ag freagairt do dhrochscéal
Ros na Rún 2
7:37
Is í an aimsir chaite a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an am atá thart. San fhíseán seo, pléifidh muid an teanga a úsáidtear agus muid ag caint faoin am a chuaigh thart.
Ceacht 10 - Más buan mo chuimhne - ag dul siar ar bhóithrín na smaointe
Ros na Rún 2
6:35
An mbíonn mearbhall ort riamh maidir le conas ceisteanna a chur sa Ghaeilge? An dtuigeann tú an difríocht idir ceisteanna sa scríobh agus sa chaint? San fhíseán seo, rachaidh muid siar ar an ghné thábhachtach sin den chumarsáid.
Ceacht 9 - Ceisteanna as Gaeilge - nod don eolach
Ros na Rún 2
6:43
Ar góstáladh thú nó ar gás-soilsíodh thú riamh? San fhíseán seo, pléifimid teanga na meán sóisialta agus an bhearna teanga a bhíonn ann uaireanta idir óg agus aosta.
Ceacht 8 #busy - teanga na meán sóisialta
Ros na Rún 2
7:50
An aingeal nó diabhal a bhí ionat agus tú i do dhéagóir? San fhíseán seo, breathnóidh muid ar an teanga a bhíonn in úsáid nuair a bhíonn déagóirí agus daoine fásta in adharca a chéile.
Ceacht 7 - Bungalow Bríd - Déagóirí dána
Ros na Rún 2
7:02
San fhíseán seo, feicfidh muid nach bhfuil muintir Ros na Rún slán ó ghalar an ghrá ach an oiread. Caithfidh muid spotsolas anseo ar na bealaí éagsúla ar féidir grá agus cion a chur in iúl.
Ceacht 6 - Grá mo chroí thú! Ag cur grá in iúl.
Ros na Rún 2
7:56
San fhíseán seo, tabharfaidh muid aghaidh ar na fuaimeanna a bhaineann leis na consain shéimhithe agus cuideoidh ár gcairde ó Ros na Rún linn iad a aithint, a chleachtadh agus máistreacht a fháil orthu.
Ceacht 5 - Consain shéimithe sa Ghaeilge
Ros na Rún 2
6:38
An bhfuil tú féin go maith ag coinneáil scéalta faoi rún? Bíonn focail agus frásaí faoi leith ag teastáil le rún a insint, le haird an duine eile a fháil agus le cinntiú nach sceithfear an t-eolas.
Ceacht 4 - Ar d'anam ná habair! Ag insint rúin!
Ros na Rún 2
7:27
Ní hionann na fuaimeanna a bhíonn le fáil i dteangacha éagsúla agus ceann de na dúshláin is mó a bhaineann le teanga a fhoghlaim ná fuaimeanna na teanga sin a thabhairt leat. Nach méanar dúinne go bhfuil ár gcairde i Ros na Rún ann chun cuidiú linn.
Ceacht 3 - Consain chaola agus leathana na Gaeilge
Ros na Rún 2
7:27
Ní bhíonn sé éasca labhairt ar an nguthán agus bíonn brú breise ag baint le comhráite nuair nach féidir linn an duine eile a fheiceáil. San fhíseán seo, breathnóidh muid ar scileanna a chuideoidh leat cumarsáid éifeachtach a dhéanamh ar an nguthán.
Ceacht 2 - Heileo - Ag labhairt ar an bhfón
Ros na Rún 2
7:49
Is iomaí bealach atá ann sa Ghaeilge le daoine a chur in aithne dá chéile, i gcomhthéacsanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla. San fhíseán seo, caithfidh muid spotsolas ar chuid acu.
Ceacht 1 - Cé leis thú - Ag cur daoine in aithne
Ros na Rún 2
6:44
Bíonn tábhacht ar leith ag baint le cúrsaí béime sa chumarsáid. Cuirtear béim ar fhocail áirithe sa chaint le cabhrú leis an éisteoir an teachtaireacht a thuiscint i gceart. Is iomaí bealach atá sa Ghaeilge le béim a chur ar fhocail áirithe san abairt. Sa cheacht seo díreoidh muid ar roinnt acu, ina measc, foirmeacha treise, iarmhíreanna treise agus struchtúr na copaile.
Ceacht 15: Ní tusa a bheas thíos leis ach mise! Treisiú agus béim.
SNAS TV
4:49
Sa cheacht seo, caithfidh muid spotsolas ar cheann de na tréithe is suntasaí den teanga labhartha – is é sin an bealach a bhfágann cainteoirí líofa fuaimeanna nó focail áirithe ar lár nuair a bhíonn siad ag labhairt go gasta. Tugtar ‘bá’ (elision) agus ‘focalbhá’ (ellipsis) ar na nósanna seo. San fhíseán agus sna bileoga a bhaineann leis an gceacht seo, tarraingeoidh muid aird ar roinnt comhthéacsanna ina mbíonn bá agus focalbhá i gceist sa Ghaeilge agus beidh deis ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar na nósanna seo ina gcuid cainte féin.
Ceacht 14: Magadh 'tá tú! Bá agus focalbhá.
SNAS TV
4:48
Sa cheacht seo, caithfidh muid spotsolas ar ghné an-tábhachtach den idirghníomhaíocht labhartha; is é sin, aisfhreagraí nó backchannels. Seo na focail, frásaí agus fuaimeanna beaga a úsáideann muid i gcomhráite le freagairt do chaint an duine eile. Is cuid an-tábhachtach den chumarsáid iad, mar is iad na cleasa beaga seo a chuireann an ‘comh’ sa ‘chomhrá’.
Ceacht 13: I ndáiríre? Ag freagairt do chaint daoine eile
SNAS TV
6:56
Is minic a bhíonn foghlaimeoirí Gaeilge ag rá go bhfuil sé deacair Gaeilge Uladh a thuiscint agus sa cheacht seo tá muid chun rud inteacht a dhéanamh fá dtaobh de sin! Breathnóidh muid ar mhír ghairid ó Ros na Rún ina bhfuil John Joe agus Noreen ag cur agus ag cúiteamh faoi Mack. Tarraingeoidh muid aird ar na focail agus ar na frásaí ar fad a bhaineann go dlúth le Gaeilge Uladh agus déanfaidh muid roinnt plé ar na tréithe foghraíochta a bhaineann leis an gcanúint sin.
Ceacht 12: Caithfidh muid rud inteacht a dhéanamh fá dtaobh de! Spotsolas ar chanúint Uladh.
SNAS TV
5:52
Bhí Tony agus Berni ag ligean orthu féin go raibh siad ag siúl amach le chéile agus anois tá siad ag pleanáil conas is féidir leo deireadh a chur leis an gcaidreamh. Sa cheacht seo, feicfidh muid na straitéisí éagsúla a úsáideann siad le teacht ar chomhréiteach. Foghlaimeoidh muid freisin conas struchtúr na copaile a úsáid le treisiú a dhéanamh ar an ngné is tábhachtaí den abairt.
Ceacht 11: Más sin atá uait! Ag teacht ar chomhréiteach.
SNAS TV
7:20
Bhí Micheál agus Laoise ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad date a bhí acu ach tagann sé chun solais nach bhfuil siad ar aon intinn faoin áit a raibh siad an oíche sin. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid straitéisí le míthuiscintí a réiteach. Tarraingeoidh muid aird, freisin, ar an iarmhír threise agus ar chúrsaí béime sa chaint.
Ceacht 10: Le buan mo chuimhnese… Ag iarraidh míthuiscintí a réiteach.
SNAS TV
7:48
Ba mhaith le Mícheál ceiliúradh a dhéanamh ar an chéad date a bhí aige le Laoise. Ach níl fonn dá laghad ar Laoise picnic a bheith aici ar an trá i mí Eanáir. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid conas fearg a chur in iúl. Tarraingeoidh muid aird, freisin, ar an gclaonadh a bhíonn ag cainteoirí an tuiseal ginideach a sheachaint i gcomhthéacsanna áirithe sa teanga labhartha.
Ceacht 09: Rómánsúil mo thóin! Ag cur fearg in iúl.
SNAS TV
6:38
Téann Tadhg i mbun filíochta agus é ag cliúsaíocht le spéirbhean álainn ar an tsráid. Baintear stangadh as, áfach, nuair a thuigeann sé go bhfuil an spéirbhean chéanna pósta lena chol ceathrar, Sonny, fear a bhfuil an dearg-ghráin aige air. Sa cheacht seo, caithfidh muid spotsolas ar an saibhreas teanga a bhaineann leis an bhfocal 'dearg'. Tarraingeoidh muid aird, freisin, ar fhuaimniú na mbriathra san aimsir fháistineach.
Ceacht 08: Gabh i leith, a leanbh! Ag cliúsaíocht sa Ghaeilge.
SNAS TV
8:23
Ní bhíonn sé éasca comhrá deacair a thosú, leithscéal a ghabháil ná glacadh le leithscéal. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid ó Bherni agus Caitríona conas na rudaí sin a dhéanamh. Tarraingeoidh muid aird, freisin, ar an tuiseal gairmeach sa chaint.
Ceacht 07: Déan dearmad air! Ag gabháil leithscéil.
SNAS TV
5:45
Tá Tadhg agus a chol ceathrar, Sonny, in adharca a chéile faoi thalamh a muintire. Sa cheacht seo, feicfidh muid an bheirt fhear ag sárú ar a chéile agus feicfidh muid na bealaí éagsúla a n-úsáideann Sonny an focal 'maith' chun an ceann is fearr a fháil ar Thadhg bocht.
Ceacht 06: Glan leat, maith an fear! Daoine ag sárú ar a chéile.
SNAS TV
7:41
Tá Tadhg i mbun a sheanchleasaíochta. Tá sé chun feall a imirt ar dhuine éigin agus tá sé ag iarraidh ar Rónán bocht an 'jaibín beag' a dhéanamh dó. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid conas duine a mholadh i gcomhthéacs foirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus pléifidh muid na bealaí a nglacann daoine le moladh. Tarraingeoidh muid aird, freisin, ar an díspeagadh '-ín' sa Ghaeilge.
Ceacht 05: Fair play dhuit! Ag moladh duine.
SNAS TV
7:31
Beidh Bobbi Lee ag pósadh go luath ach níl a cuid cailíní coimhdeachta róshásta leis na gúnaí gránna a cheannaigh sí dóibh. Sa cheacht seo, breathnóidh muid ar na mná ag cur agus ag cúiteamh faoi na gúnaí agus pléifidh muid na focail agus frásaí a úsáideann siad le haontú agus le heasaontú lena chéile. Tarraingeoidh muid aird chomh maith ar an gcódmheascadh ina gcuid cainte.
Ceacht 04: Ní chaithfinn é sin amuigh ar an bportach! Ag aontú agus ag easaontú le cairde.
SNAS TV
7:34
Tá John Joe agus Laoise ag baint an-taitneamh as comhluadar a chéile sa phub go dtí go gcuireann Imelda deireadh leis an gcraic. Sa cheacht seo, pléifidh muid an greann agus an searbhas, le cabhair ó Fr Ted. Tarraingeoidh muid aird freisin ar chúrsaí béime sa chaint agus ar fhoirmeacha treise na bhforainmneacha agus na bhforainmneacha réamhfhoclacha.
Ceacht 03: Tá mise bréan díot! Greann agus searbhas sa chaint.
SNAS TV
7:58
Feiceann Tony Berni ar date le fear nach bhfuil pearsantacht dá laghad aige agus beartaíonn sé bealach éalaithe a thabhairt di. Ní mó ná sásta atá Berni, áfach, nuair a chuireann sé ruaig ar an bhfear! Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid conas deireadh a chur le comhrá ar bhealach béasach. Tarraingeoidh muid aird freisin ar fhuaimniú an fhocail 'ag' roimh ainm briathartha.
Ceacht 2: Fágfaidh mé agaibh é! Ag cur deireadh le comhrá.
SNAS TV
5:26
Tá Berni ar date le fear ar chas sí leis ar líne, ach níl mórán craic’ ann. Tá sí ag déanamh a díchill comhrá a dhéanamh leis, ach níl ag éirí go rómhaith léi. Níl uaidh féin ach pictiúir de chait a thaispeáint di ar an bhfón póca. Sa cheacht seo, foghlaimeoidh muid conas comhrá a dhéanamh agus ceisteanna a chur i gcomhthéacs sóisialta. Pléifidh muid conas ordú díreach agus indíreach a thabhairt do dhuine, agus breathnóidh muid ar an stór focal a bhaineann le hainmhithe agus feithidí na hÉireann.
Ceacht 01: Ná bac leis an bhfón! Ag déanamh comhrá le duine
SNAS TV
7:06