Scéalta Reatha - Cartlann Nuachta
An Liobáin: leathchéad eile maraithe, na céadta leonta, 90,000 duine curtha as a mbailte mar gheall ar fhorneart Iosrael.
Ionsaithe ar an Liobáin
Nuacht TG4
1:54
Chaith TG4 lá ag Higher Options san RDS i mBaile Átha Cliath. Aonach oideachais le tacú le daltaí scoile roghanna tríú leibhéal a dhéanamh agus fiosrú a dhéanamh faoi chúrsaí oibre. Fuair Caitlín blaiseadh den ócáid.
Higher Options
Foghlaim TG4
3:19
Dorn san Aer: féile i nGaoth Dobhair in ómós an chraoltóra Rónán Mac Aodha Bhuí a fuair bás an taca seo anuraidh
Dorn san Aer
Nuacht TG4
2:05
"Fear uasal amach is amach ab ea Mícheál Ó Muircheartaigh", a dúirt an Taoiseach agus go leor daoine eile.
Laoch ar Lár
Nuacht TG4
2:56
An fhoireann rámhaíochta is mó riamh ag dul go Páras ag Éirinn an mhí seo chugainn mar a thugann Ruairí Mac Con Iomaire le fios sa tuairisc seo.
Foireann rámhaíochta na hÉireann
Nuacht TG4
2:58
An t-údar Gaeltachta Pádraig Ó Baoighill adhlactha i gCo Mhuineacháin.
Pádraig Ó Baoighill adhlactha i gCo Mhuineacháin
Nuacht TG4
3:32
An craoltóir, tráchtaire spóirt cáiliúil Mícheál Ó Muircheartaigh imithe ar shlí na fírinne.
Meitheamh - Mícheál Ó Muircheartaigh
Nuacht TG4
4:49
Is cosúil nach mbeidh Páirc Mhic Easmainn i mBéal Feirste in am do chomórtas sacair Euro 2028.
Páirc Mhic Easmainn i mbaol
Nuacht TG4
1:59
Teach na 'Screamers' i gCo Dhún na nGall ar díol.
Teach na 'Screamers'
Nuacht TG4
1:57
Foirgneamh nua ceadaithe ag an Roinn Oideachais do Ghaelscoil i mBaile na Lorgan i gCo Mhuineacháin.
Foirgneamh nua ceadaithe
Nuacht TG4
2:02
Pobal Chonamara ag éileamh cruinniú poiblí faoi mhuilte gaoithe amach ó chósta Charna.
Nuacht TG4
Muilte Gaoithe amach ó chósta Charna.
2:40
Is beag feabhas atá ag teacht ar chaighdeán an uisce sa Stát seo, de réir na tuarascála is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Caighdeán an Uisce sa Stát
Nuacht TG4
2:12
Díomá ar mhná tí faoin ardú beag airgid atá tugtha ag Roinn na Gaeltachta dóibh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.
Díoma ar mhná tí
Nuacht TG4
2:29
Caighdeán an uisce "ar fheabhas" ar 77% de thránna na tíre.
Caighdeán an Uisce
Nuacht TG4
2:12
Imní faoin aird atáthar a thabhairt ar ghnóthaí tráchtála in CLG i bhfianaise na conspóide faoi GAAGO.
GAAGO
Nuacht TG4
2:10
Gradaim speisialta bronnta ar dhaltaí iar-bhunscoile a rinne obair mhór chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar scoil.
Gaelbhratach
Nuacht TG4
2:15
168 iarrthóir tearmainn idirnáisiúnta a bhí ag baint fúthu i bpubaill i lár Bhaile Átha Cliath aistrithe go dtí ionaid chónaithe In áiteanna eile sa chontae.
Iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta
Nuacht TG4
2:14
Méadú 10% i mbliana ar na hiarratais i nGaeilge sa Chomórtas Scileanna Gairmeacha. Is í Ellis McMahon ó Choláiste Oiriall i gCo Muineacháin, an príomhbhuaiteoir sa Rannóg Ghaeilge.
Comórtas Scileanna Gairmeacha
Nuacht TG4
1:13
Amhrán leis an ngrúpa ceoil Gaeilge IMLÉ an t-amhrán aitheantais atá le sraith nua ar Netflix.
IMLÉ
Nuacht TG4
1:32
Cáineadh láidir déanta ar na scliúchais a bhí taobh amuigh d'ionad le haghaidh iarrthóirí tearmainn i gCo Chill Mhantáin.
Scliúchas i mBaile an Chinnéidigh
Nuacht TG4
2:36
Spraoi agus scléip san ardchathair agus Lá Mór na Gaeilge 2024 faoi lán seoil!
Lá Mór na Gaeilge
Nuacht TG4
2:09
'Gaeil ar son Gaza' ag iarraidh ar phobail na Gaeltachta coinnle agus soilse a lasadh anocht ar son na bPalaistíneach
Bealtaine 2024 - Gaeil ar son Gaza
Nuacht TG4
2:20
Togra nua le súil misneach agus tacaíocht a thabhairt do chailíní agus an fhuil mhíosta acu.
Tairgí don fhuil mhíosta
Nuacht TG4
2:07
50 bliain ó shiúil lucht Ghluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta ó Charna go Bearna.
Cearta Síbhialta na Gaeltachta
Nuacht TG4
2:59
Imní ar mhuintir na Rinne i bPort Láirge nach mbeidh aon oifig an phoist sa dúiche ó dheireadh na seachtaine seo.
Oifig an Phoist
Nuacht TG4
2:24
Bheadh ar na cumainn géilleadh le cluichí ceannais na hÉireann a athrú ar ais - Saoiste nua CLG ar cuairt ar Thír Chonaill.
Cluiche Ceannais na hÉireann
Nuacht TG4
2:19
Imní ar an nGarda Síochána go bhféadfadh os cionn 250 duine bás a fháil ar bhóithre na tíre i mbliana.
Sábháilteacht ar Bhóithre
Nuacht TG4
1:46
Tá ceannairí domhanda ag impí ar thíortha an Mheáin Oirthir srian a choimead orthu féin tar éis ionsaí na hIaráine ar Iosrael aréir.
Ionsaí na hIaráine ar Iosrael
Nuacht TG4
2:49
Ceannaire Fhine Gael Simon Harris ceaptha ina Thaoiseach.
Aibreán 2024 - Simon Harris ceaptha ina Thaoiseach
Nuacht TG4
2:01
Ní féidir bád tarrthála RNLI na Rinne a chur chun farraige mar gheall ar lagtrá an earraigh.
Bád tarrthála RNLI na Rinne
Nuacht TG4
1:57
'Eachtra thubaisteach, nach raibh beartaithe', a bhí san ionsaí inar mharaigh fórsaí Iosrael seachtar oibrí fóirithinte i Stráice Gaza a dúirt Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu.
Seachtar marbh ag fórsaí Iosrael
Nuacht TG4
2:21
An “Gael bródúil” Cillian agus a Oscar á cheiliúradh ó LA go Corcaigh.
Oscar bainte ag Cillian Murphy
Nuacht TG4
1:46
Tá leithscéal gafa ag Céad Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill le teaghlaigh na ndaoine ar dhúnmharaigh an tIRA iad mar go raibh sé ráite futhú go mba brathadóirí iad.
Stakeknife
Nuacht TG4
2:20
Ómós tugtha go forleathan do Charlie Bird.
Charlie Bird
Nuacht TG4
2:19
Fáilte mhór curtha roimh Aire Oideachais Stormont, Paul Givan ón DUP, i nGaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn.
An tAire Oideachais i nGaelscoil Aodha Rua
Nuacht TG4
1:35
Sraith scannán coiriúlachta á taifeadadh i gceantar Ghaoth Dobhair.
Sraith úr teilifíse
Nuacht TG4
2:16
'112 Palaistíneach maraithe, na céadta eile gortaithe' i gCathair Gaza.
Slad eile déanta in Gaza
Nuacht TG4
1:23
Fiche bliain ó shín i mbliana a bhásaigh captaen foireann peile Thír Eoghain, Cormac Mac an Ailín.
Márta 2024 - Cormac Mac an Ailín
Nuacht TG4
3:51
Daltaí i bPobalscoil Ghaoth Dobhair cáilithe do Chraobh Róbataice an Domhain in Dallas, Texas.
Craobh Róbataice an Domhain
Nuacht TG4
2:07
"Ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt do scoileanna lán-Ghaeilge ina bhfuil daltaí eachtrannacha ionas nach n-iompóidh múinteoirí ar an mBéarla agus iad i mbun teagaisc"
Tuilleadh tacaíocht do scoileanna
Nuacht TG4
1:54
Gorta ag bagairt anois i Stráice Gaza ach an bhféadfadh sos cogaidh teacht go luath idir Iosrael agus Hamas mar a thuairiscíonn Donncha Ó Murchú.
Gorta ag bagairt anois i Stráice Gaza
Nuacht TG4
2:27
"Ceangal mór idir an leibhéal cruatain a fhulaingíonn déagóirí iar-bhunscoile agus féindochar" – taighde úr.
Cruatan i measc déagóirí
Nuacht TG4
2:22
Réamhobair thógála ar Pháirc Mhic Asmaint in Iarthar Bhéal Feirste tosaithe.
Páirc Mhic Asmaint
Nuacht TG4
1:44
Na trí mhóreagraíochtaí cluichí Gaelacha le comhnascadh sna blianta amach romhainn, ach neart dúshlán le sárú fós.
Comhnascadh CLG
Nuacht TG4
2:13
Tús curtha inniu le Féile Scoildrámaíochta na Gaillimhe in Indreabhán i gConamara.
Féile Scoildrámaíochta
Nuacht TG4
2:29
Grúpaí pobail ó cheantair Ghaeltachta i mbun agóide taobh amuigh den Dáil agus i gCorca Dhuibhne faoi chúrsaí tithíochta.
Bánú na Gaeltachta
Nuacht TG4
4:39
Suas le 70,000 duine ag máirseáil i mBaile Átha Cliath ar son na bPailistíneach agus ag iarraidh go ndíbreofaí ambasadóir Iosrael anseo.
70,000 ag máirseáil i mBaile Átha Cliath
Nuacht TG4
1:32
Cailín as an gCeathrú Rua i gConamara le dul go Florida na gréine le páirt a ghlacadh i gcomórtas idirnáisúnta gárthóireachta molta – nó 'cheerleading' mar a thugtar air thall!
Gárthóireacht mholta
Nuacht TG4
2:00
Taidhleoirí idirnáisiúnta ag tathant ar Iosrael gan ionradh a dhéanamh ar Rafah.
Rafah
Nuacht TG4
1:53
An bhfuil muid níos gaire d'Éire Aontaithe anois ná riamh?
An bhfeicfidh muid Éire Aontaithe?
Nuacht TG4
2:33
Clabhsúr á chur leis an bhféile 'Tonnta' i nGaillimh.
Féile Tonnta
Nuacht TG4
2:52
Don gcéad uair i stair Thuaisceart Éireann tá Poblachtach agus Caitliceach ina Céad Aire. Sin í Michelle O'Neill (Sinn Féin) ar an lá a dtáinig Tionól Stormont le chéile den chéad uair le 2 bhliain.
Feabhra 2024 - Lá stairiúil i dTuaisceart na hÉireann
Nuacht TG4
2:30
GAZA - Cathair Khan Younis i ndeisceart Gaza fáinnithe ag fórsaí Iosrael, a deir siad.
GAZA - Cathair Khan Younis
Nuacht TG4
2:37
Bhí searmanas ar siúl inniu in Ardeaglais Theampall Chríost don Oir. Gary Hastings atá ag éirí as a phost mar reachtaire san Eaglais Anglacánach.
Gary Hastings
Nuacht TG4
2:40
Amhras caite ar fholláine agus ar acmhainn aclaíochta réiteoirí peile CLG.
Folláine na réiteoirí peile CLG
Nuacht TG4
1:27
Iarscoláire i gColáiste na Toirbhirte i gCorcaigh – nó Cillian Murphy mar is fearr aithne air uaireanta – tar éis ainmniúchán a fháil do ghradam Oscar!
Cillian Murphy
Nuacht TG4
1:46
Imní ar na Gardaí go mbeidh tuilleadh ionsaithe dó i bhfoirgnimh a bhfuil iarrthóirí tearmainn le lonnú iontu.
Ionsaithe dó
Nuacht TG4
2:20
An-ghlacadh ag lucht féachana Sundance leis an scannán faoin ngrúpa rapcheoil as Béal Feirste Kneecap.
Eanáir 2024 - Kneecap ag Sundance
Nuacht TG4
2:03
Na scórtha mílte oibrí san earnáil phoiblí ó thuaidh ar stailc lae agus seirbhisí poiblí curtha ar fionraí ann dá bharr.
Stailc lae ó thuaidh
Nuacht TG4
2:23
Ar an oileán Árainn Mhór, amach ó Chósta Dhún na nGall, tá céim mhór chun tosaigh glactha ag déagóir, Seán Boyle - a bhfuil siondróm Down air - chun dul ag obair ar an mbád farantóireachta nuair a fhágfaidh sé an scoil.
Seán Boyle - Árainn Mhór
Nuacht TG4
2:17
Súil ag lucht Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste bunscoil lán-Ghaeilge a oscailt san fhómhar.
Naíscoil na Seolta
Nuacht TG4
2:02
Daltaí i bPobalscoil Chorca Dhuibhne ag baint leas as gléas nua atá dírithe ar shláinte aigne.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne - Cubbie
Nuacht TG4
2:21
Léirsigh na mílte i mBaile Átha Cliath le tacú le pobal na Palaistíne agus ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an chogaíocht idir Iosrael agus Hamas i nGaza.
Léirsiú i mBaile Átha Cliath
Nuacht TG4
1:51
An éigeandáil in Gaza ag dul i gcion tuilleadh ar an Liobáin agus ar thíortha eile sa réigiún.
Baol go scaipfear an troid go tíortha eile
Nuacht TG4
1:58
Níl stad ná staonadh ar ionsaithe aeir Iosrael ar Stráice Gaza ainneoin éilimh go scaoilfí tuilleadh soláthairtí fóirithinte isteach sa limistéar.
Ionsaithe aeir Iosrael ar Stráice Gaza
Nuacht TG4
2:19
Tá Iosrael i mbun ionsaithe ar champaí teifeach i Gaza arís inniu agus iarrachtaí á ndéanamh acu gach éinne ón stráice a aistriú ó dheas.
Ionsaithe ar Champaí teifeach
Nuacht TG4
2:32
Tá agóid fós ar siúl taobh amuigh d'óstán díomhaoin i mBaile an Róba i gContae Mhaigh Eo toisc go raibh sé beartaithe 50 iarrthóir tearmainn a lonnú ann.
Agóid taobh amuigh d'óstán díomhaoin
Nuacht TG4
2:57
Cogaíocht Iosrael ag géarú tuilleadh agus 195 duine maraithe inniu i nGaza a deir an Roinn Sláinte.
Cogaíocht Iosrael
Nuacht TG4
1:56
Margadh déanta faoi bhreoslaí iontaise ag comhdháil aeráide COP28 – léas dóchais nach smúiteofar, le cúnamh Dé!
Margadh déanta ag COP28
Nuacht Cúla4
3:58
Teaghlaigh na ngialla atá á gcoinneáil ag Hamas i nGaza ag méadú ar a mbrú ar Benjamin Netanyahu teacht réiteach chun na gialla a shaoradh. Arm Iosrael ag leanacht dá scríos i nGaza.
GAZA - Brú ar Benjamin Netanyahu
Nuacht TG4
1:20
Óstán do iarrthóirí tearmainn i gCo. na Gaillimhe dóite thar oíche.
Óstán dóite go talamh
Nuacht TG4
1:41
Teicneolaíocht aghaidh-aitheanta ag déanamh scime d'eagraíochtaí cearta sibhialta
Teicneolaíocht aghaidh-aitheanta
Nuacht TG4
2:00
Na sluaite ar shochraid Shane MacGowan i mBaile Átha Cliath agus i dTiobraid Árann.
Sochraidh Shane MacGowan
Nuacht TG4
2:39
Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le vótáil tráthnóna ar shos comhraic in Gaza, agus Khan Younis i dtiubh an áir.
Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe
Nuacht TG4
1:36
Arm Iosrael ar fud Ghaza anois ag ordú do Mhuintir na Palaistíne teitheadh.
Arm Iosrael ar fud Ghaza
Nuacht TG4
1:59
Múrphictiúr in ómós Rónáin Mhic Aodha Bhuí
Múrphictiúr seolta
Nuacht TG4
2:23
Éilimh aeráide dhaltaí scoile as Conamara ar chinnirí na cruinne ag COP28.
COP 28
Nuacht TG4
1:55
An t-amhránaí mór le rá Shane MacGowan tar éis bháis.
Shane MacGowan
Nuacht TG4
3:07
Is ag dul in olcas atá fulaingt mhuintir Gaza, a deir an tAontas Eorpach, ainneoin síneadh a bheith curtha leis an sos comhraic san iamhchríoch.
Fulaingt mhuintir Gaza
Nuacht TG4
1:50
Síneadh dhá lá le cur leis an sos comhraic in Gaza, tuilleadh géibheannach le scaoileadh saor.
Sos comhraic in Gaza
Nuacht TG4
1:57
Leanann an slad ar aghaidh in Gaza agus forsaí Iosrael ag déanamh ionsaithe ar an phobal ann. Sa bhaile, thug daoine faoi na sráideanna i mBaile Átha Cliath chun agóid a dhéanamh in éadan an chogaidh.
GAZA
Nuacht TG4
2:03
Gearradh téarma éigeantach saoil ar Jozef Puska sa bPríomhchúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath inniu as dúnmharú Ashling Murphy. Dúirt an Breitheamh Tony Hunt go raibh an pionós "tuillte go hiomlán" aige.
Dúnmharú Aisling Murphy
Nuacht TG4
1:58
An chumhacht aibhléise ag teipeadh i Gaza agus ospidéil ag fulaingt go géar.
GAZA
Nuacht TG4
1:43
Plean seolta ag an Roinn Oideachais le úsáid fón cliste ar scoil a mhaolú.
Úsáid Fón Cliste ar Scoil
Nuacht TG4
2:04
Tá sé ráite ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, nach mbeidh aon sos cogaidh ann go dtí go scaoilfear saor na gialla atá á gcoimeád i nGaza mar ghialla.
GAZA
Nuacht TG4
2:09
"10,000 maraithe" i nGaza agus Arm Iosrael ar tí ollruathar a dhéanamh ar Chathair Ghaza.
10,000 Maraithe i nGaza
Nuacht TG4
2:04
Tuairiscítear gur maraíodh 266 Palaistíneach sna haerionsaithe is déanaí atá déanta ag Iosrael
GAZA
Nuacht TG4
2:03
Tá ag géarú ar an imní nach ligfear isteach cúnamh foirlithinte go Gaza thar an trasbhealach teorann ag Rafah, an t-aon trasbhealach atá ar theorainn na hÉigipte le Gaza.
Gaza
Nuacht TG4
3:04
Bhí rás Inis Iron Meáin ar siúl le hairgead a bhailiú do Choláiste Naomh Eoin, an mheánscoil chónaithe ar Inis Meáin. Bhí duine mór le rá ann ar an lá!
Inis Iron Meáin
3:18