Páidí Ó Sé - Rí an Pharóiste
51:07
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Páidí Ó Sé - Rí an Pharóiste
Rí an Pharóiste: Clár faisnéise faoin laoch peile, fear seoigh agus Rí an Pharóiste, Páidí Ó Sé. Portráid phearsanta atá anseo de shaol Pháidí i gcomhthéacs a phobail Gaeltachta féin, á insint ag comharsan dá chuid atá ar aistear chun tuiscint a fháil ar a laoch. Trí bhuncheisteanna an laochais a thochailt, scrúdófar an dóchas a thugann an laoch do phobal tuaithe, an brú a bhaineann leis seo agus an tábhacht a bhaineann le haitheantas a fháil ónár dtreabh féin.