Filíocht
Filíocht - Dánta
Is scéal é an dán seo faoi dhuine nach n-éiríonn go rómhaith leis agus é ar imirce i Londain. Déanann an dán seo cur síos ar an náire atá ar an bhfear seo dá bharr. Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir is ea í Áine Ní Ghlinn. Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile ach d’éirigh sí as sin le bheith ina hiriseoir le RTÉ agus le Raidió na Gaeltachta.
Glaoch Abhaile
Idir na Línte
8:19
Pléann an dán téama na mothúcháin atá idir glúnta, go háirithe idir máthair agus iníon. As Ceantar na nOileán i gConamara ó dhúchas, tá Áine Durkin ina cónaí in Inis Eoghain ó bhí 1980 ann. Bhain sí duaiseanna liteartha (an chéad duais) ag Oireachtas na Samhna dá blag Mise Áine (2010), agus i gComórtas na Scríbhneoirí Úra dá cnuasach filíochta/amhrán ‘Mise Áine, An Bhean Istigh’ (2017). Bhain a hamhráin, ‘Le Do Thaobh,’ ‘Grá Faoi Bhláth,’ ‘Ní Thuigim,’ agus ‘Mar a Bhíonn’ duaiseanna ag an bhFéile Náisiúnta Pan Cheilteach (2013, 2018, 2019, 2020); Is údar an bhlag 'Mise Áine ag Rámhaille' í, blag a scríobhann sí go rialta, faoi chúrsaí an tsaoil, idir ghreann agus dáiríre. Cuireann sí dánta, agus scríbhinní eile, ar fáil d’irisí agus do na meáin.
Iníon
Idir na Línte
10:40
Rugadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh i gCiarraí. In 2012 bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Duais Filíochta Uí Néill. Sa dán seo, tá an fhile ag caint le muintir na háite agus ag cuimhneamh leo ar an teanga fheadaíl a bhíodh ann san áit.
Ailbhe Ní Ghearbhuigh - Deireadh na Feide
Idir na Línte
7:56
Aistear pearsanta an fhile atá i gceist leis an dán seo agus eispéireas an fhile lena fhéiniúlacht féin. Rugadh Colm Breathnach i gCathair Chorcaí sa bhliain 1961. Rinne sé staidéar ar fhealsúnacht agus ar an nGaeilge in Ollscoil Chorcaí agus oibríonn sé anois mar théirmeolaí leis an Roinn Oideachais agus mar aistritheoir le Seirbhís Aistriúcháin an Rialtais. Tá ceithre dhuais Oireachtais bainte aige.
Colm Breathnach - Trén bhFearann Breac
Idir na Línte
10:35
Filíocht úr scríofa le Tomaí Rua Ó Conghaile - 'Dá mba Phalaistíneach Mé', áit a ndéanann an file machnamh faoi na mothúcháin a bheadh ag duine ón Phalaistín agus cinedhíothú ar siúl sa tír i láthair na huaire.
Dá mba Phalaistíneach Mé
Foghlaim TG4
1:13
Aithrisíonn Méabh Broderick an dán “A Fhir Dar Fhulaingeas” le Máire Mhac an tSaoi. Tá an chodarsnacht idir “saoirse” agus “daoirse” iontach éifeachtach sa dán seo.
A Fhir dar fhulaingeas - Léamh
Dúil sna Dánta
1:38
Aithrisíonn Méabh Broderick an dán “Gráinne” le Máire Mhac an tSaoi. Cé gur dán grá atá ann, ní grá atá i gceist, ach cleamhnas agus réiteach polaitiúil atá i gceist.
Gráinne - Léamh
Dúil sna Dánta
2:00
Déanann Conor Ó Gallchóir an dán “Caoineadh” le Cathal Ó Searcaigh a aithris. Scríobhadh an dán brónach, éadóchasach seo i gcuimhne ar a mháthair.
Caoineadh - Léamh
Dúil sna Dánta
5:09
Aithrisíonn Conor Ó Gallchóir an dán clúiteach de chuid Chathail Uí Shearcaigh - “An Tobar”. Dán mór le rá ina gcrónaíonn Ó Searcaigh saibhreas chultúr traidisiúnta na hÉireann.
An Tobar - Léamh
Dúil sna Dánta
3:37
Sa chlár seo, aithrisíonn Conor Ó Gallchóir an dán “Níl aon Ní” le Cathal Ó Searcaigh. Dán cumhachtach ina ndéanann sé codarsnacht idir a áit dúchais agus Baile Átha Cliath.
Níl Aon Ní - Léamh
Dúil sna Dánta
1:44
Aithrisíonn James Ó Flatharta an dán cumhachtach, cáiliúil seo.
Faoiseamh a Gheobhadsa - Léamh
Dúil sna Dánta
1:17
Aithrisíonn James Ó Flatharta an dán spioradálta “Cuireadh do Mhuire” le Máirtín Ó Direáin.
Cuireadh do Mhuire - Léamh
Dúil sna Dánta
1:13
Aithrisíonn James Ó Flatharta an dán “Stoite” le Máirtín Ó Direáin. Is dán cumhachtach é ina ndéanann an Direánach codarsnacht idir obair chrua “ionraic” an oileáin agus santachas na cathrach.
Stoite - Léamh
Dúil sna Dánta
1:41
Aithrisíonn Neil Ó Briain an dán fealsúnachta “Fill Arís” le Seán Ó Ríordáin.
Fill arís - Léamh
Dúil sna Dánta
2:16
Déanann Neil Ó Briain an dán “Tost” le Seán Ó Ríordáin a aithris. Tugann an dán léargas ar aigne neamhchinnte an fhile agus é á cheistiú féin mar fhile.
Tost - Léamh
Dúil sna Dánta
1:48
Léamh den dán, Rian na gCos.
Rian na gCos - Léamh
Dúil sna Dánta
2:36
Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní) le Nuala Ní Dhomhnaill
Dánta
Mo Ghrá-sa le Nuala Ní Dhomhnaill
1:50
An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Direáin
Dánta
An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Direáin
2:00
An Spailín Fánach (Ní fios cé a chum)
Dánta
An Spailín Fánach
2:52
Géibheann le Caitlín Maude
Dánta
Géibheann le Caitlín Maude
1:33
Colscaradh le Padraig Mac Suibhne
Dánta
Colscaradh le Padraig Mac Suibhne
1:21
Chuir Siobhán de Paor peann le pár le linn an tsamhraidh agus chum sí dán slamfhilíochta faoi chúrsaí an tsaoil le linn Covid-19. Tá an dán aistrithe go Gaeilge anois aici agus seo í ag aithris 'Faoistine na Covide'.
Faoistine na Covide
6:45
Tá leabhar nua scríofa ag Doireann Ní Ghríofa ‘A Ghost in the Throat’, in ómós don fhile Eibhlín Dubh Ní Chonaill agus an dán ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire'. Thug Molscéal cuairt uirthi ar dhíon charrchlóis i mBaile an Chollaigh, an láthair ina bhfuair sí inspioráid an leabhar a scríobh.
Doireann Ní Ghríofa - Mo ghrá go daingean tú
4:23
An bhfuil cuimhne agat ar do chéad oíche sa chlub? Beidh cóisir i gClub an Chonartha anocht óna 8 ar aghaidh. Tá an oíche é eagrú mar sheoladh oifigúil do GoFundMe an Chlub. Tá suíomh an Chlub i ndrochchaoi na laethanta seo agus tá gá le hairgead a bhailiú chun obair dheisiúcháin a dhéanamh. Taispeánfar na pleananna don chlub ar an oíche. Táthar ag iarradh ar dhaoine a bhain leas as an gClub thar na blianta teacht anocht. Táthar ag súil le scéalta a chloisteáil ó iarphátrúin, ó ghrúpaí atá á úsáid i láthair na huaire agus ó an-chuid eile! Seo dán a chum an file Ciara Ní É faoi Chlub an Chonartha.
Club an Chonartha - Ciara Ní É
0:47
Tá dán cumhachtach, cliste dátheangach cumtha ag an bhfile agus bunaitheoir REIC, Ciara Ní É do ócáid 'Seó Beo Pheil na mBan le Lidl' a chraolfar an Satharn seo ag teacht ar TG4 ag 21:30. Beidh an clár curtha i láthair ag Gráinne McElwain agus Dáithí Ó Sé ó theach an Ardmhéara san ardchathair. #ProperFan
'Is mór an spórt í, Is laoch mór spóirt í'
3:22
Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní) le Nuala Ní Dhomhnaill | TG4 Foghlaim
1:51
An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Direáin | Dánta | TG4 Foghlaim
2:01