Ailbhe Ní Ghearbhuigh - Deireadh na Feide
7:56
Rugadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh i gCiarraí. Sa bhliain 2012 bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Duais Filíochta Uí Néill. Sa dán seo, insíonn an file dúinn faoi theanga feadaíola a bhíodh ag pobal thuas sna sléibhte sa Fhrainc. Tá an teanga marbh anois agus ní féidir í a athnuachan ach an oiread.