Sin Mar A Tharla Sé | Saol Faoi Shráid | Cúla4
1:20
Sin Mar A Tharla Sé | Saol Faoi Shráid | Cúla4
Seo amhrán álainn ó Saol Faoi Shráid dar teideal ‘Sin Mar A Tharla Sé’, tá na liricí thíos!
A beautiful song from Saol Faoi Shráid named ‘Sin Mar A Tharla Sé', lyrics below!
Liricí:
CICÍ: Bhí muid sa Spáinn
ROCCO: Ní hea! Sa Fhrainc
CICÍ: Faoi sneachta bán.
ROCCO: Is muid sa Spáinn?!
LE CHÉILE: Ó sea...nach cuimhin liom go maith
CICÍ: D’ith muid dinnéar.
ROCCO: Ní hea! B’shin lón.
CICÍ: Amuigh faoin aer.
ROCCO: An fharraige romhainn.
LE CHÉILE: Ó sea...nach cuimhin liom go maith!
CICÍ: Chaith muid trí lá ann.
ROCCO: Bhí muid ann ar feadh míosa!
CICÍ: Sea mí! B’shin mí Iúil...
ROCCO: Sin é! Sin é! Sin é!
CICÍ & ROCCO:
Is breá linn é
Nuair a smaoinímid
Gur cuimhin linn fós
An chaoi... an chaoi a bhí.
CICÍ & ROCCO: Ó sea...is cuimhin linn go maith.
Aoisghrúpa 0-5. Páistí Réamhscoile.