Le boinn na mbróg caite, bhí cúpla lá iontach ag daltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne faoin am a shroich siad Santiago de Compostela. Bhí daltaí na hidirbhliana thall sa Spáinn agus iad ag tabhairt faoin gCamino de Santiago le déanaí. Chaitheamar an lá deireanach leo sular fhágadar agus iad ag ullmhú do thuras na gcos a bhí rompu.